An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, Éire. X35 XD88
Táimid ag lorg Comhordnóir Léiriúcháin
Tá ábhar craolta á chruthú ag Nemeton TV ó 1993, ag léiriú ar ábhair agus áiseanna spóirt maraon le cláir faisnéise do TG4, RTÉ, BBC ALBA, Sky Sports &rl.
I measc na gclár a dhéanann muid tá: cluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, rásaíocht capall, dornálaíocht, cispheil, snámh, rothaíocht agus réimse spórt mionlach eile. Chomh maith leis sin, déanann muid léiriú ar réimse clár fáisnéise.
Tá muid ar thóir duine an-eagraithe a bhfuil an cumas ann obair as a stuaim féin le bheith ag obair lenár bhfoireann léirithe spóirt ar bhonn lánaimseartha.
Freagrachtaí:
* Eagrú a dhéanamh ar gach a bhaineann le lóistíocht OB.
* Teagmháil reatha shoiléir a chothú leis an bhfoireann léiriúcháin.
* Freagrach as glaonna agus teachtaireachtaí isteach is amach.
* Do chuid smaointe a roinnt maidir le feabhsúcháin gurb fhéidir a dhéanamh.
* Déanfaidh tú do dhícheall an teanga agus cultúr an chomhlachta a chur chun cinn.
* Plé le ceisteanna a bhaineann le tigheas, cothabháil agus fáiltiú.
* Taithí bliana i ról cosúil.
* Líofacht sa Ghaeilge.
* Sár-scileanna cumarsáide, ama agus eagrúcháin.
* Ba chabhair é cáilíocht 3ú leibhéal.
Litir iarratais agus CV ar ríomhphost chuig hr@nemeton.ie roimh an 22 Márta 2024
#J-18808-Ljbffr