DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis..
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tríd an bhfeidhm Rialachais agus Comhlíontachta Airgeadais cuirtear gníomhaíochtaí Dearbhaithe Chomhtháite agus Monatóireacht Leanúnach ar Rialuithe i gcrích thar ceann Uisce Éireann. Tá príomhról ag an bhfeidhm maidir le tacaíocht a thabhairt don Phríomhoifig Airgeadais agus d’fhoirne Airgeadais eile le gníomhaíochtaí a bhaineann le grúpaí maoirseachta amhail an Bord Comhairleach Uisce, an Coiste um Chuntais Phoiblí agus an Grúpa Monatóireachta Maoirseachta. Sa bhreis air sin, tá an fheidhm freagrach as próiseas an Choiste um Cheaduithe Caiteachais a chur i gcrích i gcomhar leis an bhFoireann Tráchtála agus spreagann an fheidhm próiseas athbhreithnithe éifeachtach maidir le conarthaí tráchtála in Uisce Éireann. Déanann sí maoirseacht freisin ar ghníomhaíochtaí Árachais uile d’Uisce Éireann agus cuireann sí réamh-iniúchtaí agus seirbhísí athbhreithnithe ar an ngnólacht ar fáil maidir le cur i bhfeidhm conarthaí.
Ní amháin go bhfuil an réimse Árachais freagrach as a chinntiú go mbíonn an cumhdach árachais is iomchuí i bhfeidhm ag UÉ, ach tá sí freagrach freisin as a chinntiú go ndéantar éilimh a bhaineann le hárachas a imscrúdú agus a bhainistiú ar bhealach atá costéifeachtach i gcomhréir le téarmaí agus le coinníollacha an pholasaí. Tá an fhoireann árachais freagrach as tacú leis an bhFoireann um Shocrúchán Árachais maidir le socrúcháin clár árachais a sholáthar, fiosrúcháin árachais ón ngnólacht a láimhseáil agus dualgais eile mar a shanntar.
Agus é/í ag tuairisciú don Cheannaire Réigiúnach Éileamh Árachais, oibreoidh an Comhairleoir Éileamh Árachais chun tacú leis na hImscrúdaitheoirí Éileamh de réir mar a threoraítear. Beidh freagracht laethúil ag an gComhairleoir Éileamh Árachais as tacaíocht a thabhairt chun punann éileamh dliteanais a chur chun cinn tríd an tsaolré.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Ról deisce láimhseála maidir le héilimh dliteanais agus obair dhlúth á déanamh leis an bhfoireann Éileamh Árachais chun seirbhísí Éileamh Árachais a fhorbairt agus a sholáthar d’Uisce Éireann
Ag obair faoin gCeannaire Réigiúnach Éileamh Árachais, chun punann de chomhaid Éileamh Dliteanais a chur chun cinn ó chríochnú chéim an imscrúdaithe go dtí an socrúchán trí idirbheartaíocht, tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) agus/nó trí Shocrú sa Chúirt
Ag obair mar chuid d’fhoireann láimhseála éileamh agus tuairisciú á dhéanamh don Bhainisteoir Éileamh Árachais agus don Imscrúdaitheoir Éileamh maidir le teagmhais/fógraí faoi éilimh uile agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an ngnólacht agus le páirtithe leasmhara eile chun faisnéis ábhartha a bhailiú go hinmheánach chun cuidiú le cinneadh a dhéanamh i dtaca le dliteanas
Comhaid a ullmhú le cur faoi bhráid chruinnithe athbhreithnithe/coimeádta éileamh agus ionchur le plé maidir le coimeád éileamh de réir mar is gá
An bunachar sonraí éileamh a choimeád maidir leis an bPunann de chomhaid éileamh agus tuarascálacha/anailís a ullmhú maidir le héilimh ar bhonn leanúnach
Idirchaidreamh rialta a dhéanamh le Bróicéirí Árachais/Árachóirí/Coigeartóirí Caillteanais maidir le stádas teagmhas/éileamh
Tacaíocht a thabhairt don Bhainisteoir Éileamh Árachais agus don Cheannaire Réigiúnach Éileamh maidir le hullmhú agus láimhseáil Éileamh suntasach Uisce Éireann agus fochuideachtaí ar Dhamáiste do Réadmhaoin/Bhriseadh Gnó d’fhonn a chinntiú go mbaintear toradh dearfach amach
Cúnamh a thabhairt don Bhainisteoir Éileamh Árachais maidir leis an bpróiseas athnuachana Árachais agus a bheith in ann staitisticí maidir le héilimh a chur ar fáil ar mhaithe le hidirbheartaíocht
Tuarascálacha tréimhsiúla a sholáthar le cur faoi bhráid Lucht Bainistíochta an Aonaid Ghnó ag an mBainisteoir Árachais agus ag an mBainisteoir Éileamh Árachais
Dualgais eile de réir mar a shannfar iad
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
Dualgais eile de réir mar is gá
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá cáilíocht tríú leibhéal ábhartha nó Teastas de Chleachtas Árachais CIP (Institiúid Árachais na hÉireann/Institiúid Chairte Árachais) inmhianaithe
Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe nó taithí ábhartha.
Taithí ar láimhseáil agus ar riarachán éileamh agus béim ar éilimh Dliteanais Phoiblí
Tuiscint ar an margadh árachais agus ar aicmí éagsúla árachais ghinearálta agus béim ar leith ar riarachán éileamh
Cúlra láidir maidir le luachanna eagraíochtúla a choinneáil tríd an gcinnteoireacht agus gníomhartha fiúntacha
Teist cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsúcháin próisis agus nuálaíochta.
Bheadh taithí agus eolas ar thimpeallacht féin-árachais ina mbuntáiste
Scileanna cumarsáide den scoth
Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.
Mionchruinneas, beachtas agus cáilíocht
An cumas obair a dhéanamh le foirne ildisciplíneacha
Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus le cumas léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d’fhoireann
Cumas cruthaithe caidrimh mhaith oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile.
Taithí ar dheiseanna feabhsúcháin a shainaithint, ar smaointe a ghiniúint agus ar réitigh a chur i bhfeidhm
Scileanna sármhaithe anailísithe agus an cumas fadhbanna agus feabhsuithe féideartha a shainaithint agus a anailísiú agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
An cumas nósanna imeachta leanúnacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniú de réir mar is gá
Réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scil nua-fhoghlamtha ar an láthair oibre á n-úsáid
An cumas a c(h)aighdeáin feidhmíochta arda féin a leagan síos agus torthaí inmhianaithe a bhaint amach.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Financial Governance and Compliance Function delivers all Integrated Assurance activities and Continuous Controls Monitoring for Uisce Éireann. The function plays a key role in supporting the CFO and other Finance teams in activities related to oversight groups such as the Water Advisory Board, Public Accounts Committee and Oversight Monitoring Group. Additionally, the function is responsible for delivering the Expenditure Approvals Committee process in conjunction with the Commercial Team and drives an effective review process for commercial contracts in Uisce Éireann. It also oversees all Insurance activities for Uisce Éireann and provides preliminary audits and review services of the business on contracts implementation.
The Insurance area is not only responsible for ensuring that UE has the most appropriate insurance cover in place, but also for ensuring that insurance related claims are investigated and managed in a cost-effective manner in accordance with policy terms and conditions. The insurance team is responsible for supporting the Insurance Placement Team in the delivery of insurance programme placements, handling of insurance queries from the business and other duties as assigned.
Reporting to the Insurance Claims Regional Lead, the Insurance Claims Advisor will work to support the Claims Investigators as directed. The Insurance Claims Advisor will have day to day responsibility for providing support in the progression of a portfolio of liability claims through the lifecycle.
Main Duties and Responsibilities:
Desk based liability claims handling role working closely with the Insurance Claims team in developing and delivering Insurance Claims services to Uisce Éireann
Report to the Insurance Claims Regional Lead, to progress a portfolio of Liability Claims files from completion of the investigation phase through to settlement either through negotiation, PIAB and/or Court Settlement
Work as part of a claims handling team reporting to the Insurance Claims Manager and Claims Investigator in connection with all incidents/claim notifications and liaise with the business and other stakeholders to gather relevant information internally to assist in coming to a determination on liability
Prepare files for submission to claims review/reserve meetings and input in to claims reserving discussions as required
Maintain the claims database in respect of the Portfolio of claims files and prepare claims reports/analysis on an ongoing basis
Liaise with Insurance Brokers/Insurers/Loss Adjusters regularly with regard to the status of incidents/claims
Support the Insurance Claims Manager and Claims Regional Lead in the preparation and handling of Uisce Éireann and subsidiary significant Property Damage/Business Interruption Claims in order to ensure a positive outcome is achieved
Assist the Insurance Claims Manager in respect of the Insurance renewal process and be in a position to provide claims statistics for the benefit of negotiations
Prepare periodic reports for presentation by the Insurance Manager and Insurance Claims Manager to Business Unit Management
Other duties as assigned
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
Other duties as required
Knowledge, Skills and Experience:
Relevant third level qualification and/or Certificate of Insurance Practice CIP (Insurance Institute of Ireland/Chartered Insurance Institute) is desirable
A minimum of 3 years’ experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Claims handling and administration experience with an emphasis on Public Liability claims
An understanding of the insurance market and various classes of general insurance with a particular emphasis on claims administration
Strong background in upholding organisational values through decision-making and constructive actions
Proven track record in identifying opportunities for process improvements and innovation.
Experience and knowledge of a self-insured environment would be an advantage
Excellent communication skills
Experience in independently resolving customer challenges while maintaining high service standards.
Attention to detail, accuracy and quality
Ability to work with multi-disciplinary teams
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team
Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others
Experience with identifying improvement opportunities, generating ideas and implementing solutions
Have excellent analytical skills and be able to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
Ability to set up ongoing procedures to collect and review information as needed
Proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skill on the job
Ability to set own high standards of performance and delivering desired results
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.