Job DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.An Ról:Cuireann TF Uisce Éireann (TF UÉ) seirbhísí agus tacaíocht TF/TO ar fáil do ghnólacht níos leithne Uisce Éireann.Tá an Fhoireann Cibearshlándála freagrach as cibearoibríochtaí éifeachtúla ar fud na heagraíochta a chinntiú, as rialuithe agus cumas slándála a chur i bhfeidhm agus as monatóireacht a dhéanamh orthu, agus as tacú le gníomhaíochtaí deartha slándála, a chinntíonn go mbaintear amach agus go sásaítear na príomhchaighdeáin agus na príomhriachtanais tionscail, dhlíthiúla agus rialála. Glacann an fhoireann le príomhról i dtaobh cleachtais slándála IT/TO a leabú i measc phróisis, nósanna imeachta agus chultúr Uisce Éireann agus gníomhaíonn siad mar shaineolaí ábhair don Cheann TF, maidir le gach ceist a bhaineann le slándáil TF agus le saincheisteanna ar fud an fhiontair.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:An Straitéis AF Cibearshlándála a shainiú, a fhorbairt agus a chur i gcrích le comhghleacaithe san Fhoireann Ailtireachta Fiontraíochta Cibearshlándála, agus a chinntiú go ndéanann na huirlisí, na próisis agus an fhoireann na hiarrachtaí AF TF a chothú agus a chur chun cinn d'Uisce ÉireannMoltaí straitéiseacha a sholáthar le heastát slán agus éifeachtúil a chinntiú d'Uisce ÉireannComhoibrítear sa ról le gach ról eile ailtire TF leis an leanúnachas a fhorbairt agus a chothú idir gach iarracht Ailtireachta FiontraíochtaDul i gcomhairle le ceannairí gnó, le Comhpháirtithe Gnó TF agus le hionadaithe lena chinntiú go dtuigtear riachtanais ghnó agus treoir straitéiseach amach anseo na ngnólachtaí lena dtacaítearTacú leis an sainmhíniú ar agus leis an gcloí le prionsabail Ailtireachta Fiontraíochta a threoraíonn cinntí teicneolaíochta d'Uisce ÉireannPáirt a ghlacadh i bhfís fhadtéarmach a fhorbairt agus a chur in iúl don Ailtireacht Fiontraíochta Cibearshlándála TF agus buntacú leis an bhfís trí straitéisí Ailtireachta Fiontraíochta leis an gcéanna a sholáthar le tacaíocht agus le comhoibriú ón ngnólacht trí Chomhpháirtithe Gnó TF, a chinntíonn go bhfreastalaíonn straitéisí Cibearshlándála Uisce Éireann ar na riachtanais ghnó níos fairsingeCoimeád chun tosaigh ar theicneolaíochtaí TF agus Cibearshlándála atá ag teacht chun cinn, ag féachaint le treochtaí teicneolaíochta TF a ailíniú le riachtanais straitéiseacha Uisce Éireann agus a spreagadh go nglactar le dea-chleachtas TF agus CibearshlándálaAthbhreithniú a dhéanamh ar agus ionchur isteach in úsáid agus i dtairbhí infheistíochtaí in ailtireacht fiontraíochta TF agus soláthar an chéanna a bhaint amach chun tacú leis an straitéis chorparáideach agus le pleananna gnóCúnamh a thabhairt do shamhaltú an tírdhreacha theicniúil le hanailís a dhéanamh ar acmhainní gnó a ailíniú leis an teicneolaíocht agus le réitigh TF a sholáthraítearA chinntiú go mbíonn cláir chaipitil TF ailínithe i gcónaí le Straitéis Cibearshlándála TF agus le treochláir Chibearshlándála Uisce Éireann agus an úsáid á barrfheabhsú a bhaintear as gnéithe agus as acmhainní reatha ar fud an tírdhreacha teicneolaíochta trí phróiseas athbhreithnithe Ailtireachta FiontraíochtaPáirt a ghlacadh i measúnú/roghnú réitigh theicneolaíochta, nuair is gáCaidreamh láidir a fhorbairt leis na foirne éagsúla TF laistigh den fheidhm TF agus é ina aidhm comhoibriú a bharrfheabhsú, éifeachtúlachtaí a uasmhéadú, agus tacú le tionscnaimhTacú le gníomhaíochtaí rialachais a bhaineann le hAiltireacht Fiontraíochta fhoriomlán a chomhlíonadh in Uisce Éireann.Ionadaíocht a dhéanamh do UÉ ag imeachtaí tionscail agus nuair a bhíonn comhoibriú ar bun le comhpháirtithe CNI agus idirchaidreamh a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha, leis an rialtas láir agus le gníomhaireachtaí gaolmhara ina measc lena chinntiú go gcuirtear leasanna eagraíochta chun cinn trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus trí luach a sholáthar don eagraíocht trí na comhpháirtíochtaí seo.Leanúint le feasacht agus le tuiscint ar rialacháin infheidhme AE, stáit agus áitiúla a chothú agus rialuithe riosca agus an teicneolaíocht a ailíniú leis na rialacháin chuí.Ailtireacht, straitéisí, caighdeáin agus treoirlínte slándála a fhorbairt do Theicneolaíocht Chumarsáide (TFC) agus do Theicneolaíocht Oibríochtúil (TO).A chinntiú go ndéantar gníomhaíochtaí rialachais, cosúil le gníomhaíochtaí slándála rannáin a rianú, cloí le caighdeáin bheartais agus tagarmharcáil ar phríomhrialuithe slándála in aghaidh dea-chleachtais, a chur i bhfeidhm tríd an bhfóram cuí rialachais agus comhlíonadh Ailtireachta Fiontraíochta trí chéile in UÉ a chinntiú.Dualgais eile de réir mar is gá ó am go chéileDualgais agus Freagrachtaí GinearáltaComhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, iad seo a leanas ina measc, ach gan a bheith teoranta dóibh: Bainistíocht Sócmhainní, Soláthar Sócmhainní, Riosca Fiontraíochta, Ailtireacht Fiontraíochta agus Foirne TF-TO.Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amachDualgais eile nuair is gá.Eolas, Scileanna agus Taithí:Taithí ábhartha ar a laghad seacht (7) mbliana agus taithí cúig bliana, ar a laghad, i ról Ailtireachta Slándála i dtimpeallacht a bhí comhionann go leor ó thaobh méide agus castachta le hUisce ÉireannTaithí cúig bliana nó níos faide ar thrí dhisciplín ailtireachta, ar a laghad, cosúil le gnó / faisnéis / réiteach / teicniúil i dtimpeallacht ilsraitheTá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaitheBheadh deimhniúchán foirmiúil ina bhuntáiste agus b'amhlaidh a bheadh eolas agus taithí ar dhisciplíní, próisis, coincheapa agus dea-chleachtais ailtireachta, cosúil le TOGAF, ITIL, ISO: 27000, CISSP agus COBITCur amach ar chumraíochtaí teicniúla, ar theicneolaíochtaí agus ar thimpeallachtaí próiseála iolracha éagsúlaCumas, a bhfuil cruthúnas leis, gur féidir cláir a chur i bhfeidhm agus a chur i gcrích go rathúil agus ardfheidhmíocht a chur chun cinnCur i bhfeidhm agus glacadh le hathrú laistigh den ionad oibre a éascúDíriú láidir ar chúrsaí tráchtála agus cloí leis an bpeirspictíocht airgeadais trí chéile ag an am céannaA bheith in ann réadúlacht oibríochtúil a dhéanamh de thosaíochtaí straitéiseacha, a léiríonn scileanna láidre cinnteoireachtaInoiriúnachta agus an cumas a léiriú le díriú agus treoir a athrú ar aon dul leis an straitéis agus le riachtanais ghnóCumas, a bhfuil cruthúnas leis, gur féidir smaoineamh go straitéiseach agus leanúint le díriú straitéiseach a choimeád fad a bhítear ag oibriú i measc roinnt limistéir feidhme agus i dtimpeallacht a bhfuil athrú síoraí ag teacht uirthiTaithí ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád le páirtithe leasmharaA bheith in ann réadúlacht oibríochtúil a dhéanamh de thosaíochtaí straitéiseacha, a léiríonn scileanna láidre cinnteoireachtaSpreagthóir ardchaighdeán maidir le héachtaí aonair, foirne agus eagraíochta agus torthaí inmhianaithe a sholátharIs é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 30/04/2025Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
#J-18808-Ljbffr