DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis..
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is í an fheidhm na nOibríochtaí Sócmhainní mar bhunchloch maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar an bhFoireann Tacaíochta Oibríochtaí as bonneagar agus próisis éifeachtacha ghnó a sholáthar agus a bhainistiú ar leibhéal náisiúnta chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla ar leibhéal suímh.
Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Monatóireachta Fuinnimh, cuirfidh an tAnailísí Sonraí & Tuairiscithe Fuinnimh anailís ríthábhachtach ar shonraí agus léargais ar fáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus spriocanna inbhuanaitheachta agus beidh príomhról aige/aici maidir le hídiú fuinnimh a laghdú trí chur chuige nuálach a úsáid.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Anailís ghrinn a dhéanamh ar shonraí d’fhonn deiseanna a shainaithint agus a chur i bhfeidhm maidir le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh ar bhonn sócmhainní na heagraíochta.
Tuairisciú a chur ar fáil atá dírithe ar pháirtithe inmheánacha agus seachtracha araon agus gníomhú mar ‘ionad ilfhreastail’ maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht.
Fiosruithe agus iniúchtaí deisce agus allamuigh a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh chun réimsí idirghabhála féideartha a shainaithint.
Ag cinntiú go mbíonn próisis leordhóthanacha bainistíochta sonraí, sláine, dearbhaithe agus iniúchta ar aon dul le dea-chleachtas.
Tacaíocht a thabhairt, trí bhainistíocht sonraí, do ‘foinse aonair na fírinne’ maidir le táscairí feidhmíochta inbhuanaitheachta, sláine agus cáilíocht sonraí a bhainistiú trí rialachas sonraí agus bainistíocht páirtithe leasmhara atá láidir, sraith tuarascálacha a sholáthar atá solúbtha agus lena n-éascófar bainistíocht agus anailís éifeachtach ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta.
Tuarascálacha a tháirgeadh, athruithe féideartha a shainaithint agus tuairisciú a dhéanamh chun léargas a thabhairt ar choigilteas fuinnimh féideartha, ar chostas, ar riosca don tseirbhís, etc.
Gníomhaíochtaí tomhais agus deimhnithe a chur i bhfeidhm maidir le dearadh atá tíosach ar fhuinneamh tar éis chríochnú na n-oibreacha.
Gníomhaíochtaí tomhais agus deimhnithe a chur i bhfeidhm maidir le hidirghabhálacha éifeachtúlachta fuinnimh maidir leis an mbonn sócmhainní reatha.
Idirghabhálacha meicniúla, leictreacha agus próisis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm atá dírithe ar dhéine oibríochtaí ar fhuinneamh a laghdú.
Tacaíocht a thabhairt do mhonatóireacht ar éifeachtúlacht fuinnimh trí shonraí a chur ar fáil de réir mar a theastaíonn ón bhfoireann monatóireachta.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe.
Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe nó taithí ábhartha.
Taithí ar fhoireann a bhainistiú, le daoine láidre, bainistíocht a athrú agus scileanna réiteach coimhlinte.
Oibrímid níos fearr le cheile - an cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d’fhoireann.
Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú.
Tá muid uaillmhianach - réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid sa phost.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Operations Support Team has responsibility for providing and managing effective business infrastructure and processes at a national level to support operational activities at site level.
Reporting to the Energy Monitoring Manager, the Energy Data & Reporting Analyst will provide vital data analysis and insights into energy efficiency and sustainability targets and will play a key role in reducing energy consumption using an innovative approach.
Main Duties and Responsibilities:
Conduct in-depth data analysis in order to identify and implement opportunities for energy-efficient improvements to the organisation’s asset base
Provide internal and external facing reporting and act as the ‘one stop shop’ for sustainability-related data
Undertake desktop and field-based energy efficiency discoveries and audits to identify potential intervention areas
Ensuring adequate data management, integrity, assurance and audit processes are in line with best practice
Supporting, through data management, ‘single source of the truth’ on sustainability performance indicators, managing data integrity and quality through robust data governance and stakeholder management, delivering a suite of reports that is flexible and will facilitate effective sustainability performance management and analysis
Producing reports, identification of potential changes and reporting to provide insight into potential energy savings, cost, risk to service, etc.
Conduct measurement and verification activities on energy efficient design post-completion of works
Conduct measurement and verification activities on energy efficiency interventions on the existing asset base
Develop and implement mechanical, electrical and process interventions aimed at reducing the energy intensity of operations
Support the monitoring of energy efficiency through the provision of data as required by the monitoring team
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 3 years’ experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Experience managing a team, with strong people, change management and conflict resolution skills
We work better together - ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team.
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
We aim high - proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.