Innealtóir Ceannais Sinsearach – Méadrú Ioncaim/ Senior Lead Engineer - Revenue Metering (E2025034)
Is muidne na daoine taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Oibrímid an córas cumhachta le leibhéil de ghiniúint in-athnuaite athraitheach aisioncronach atá ar thús cadhnaíochta sa domhan, ag cinntiú go bhfuil cumhacht ag gach duine nuair a bhíonn sí de dhíth orthu. Ní hamháin sin, ach tá an córas cumhachta á chlaochlú againn do na glúnta atá le teacht.
Agus níl ansin ach tús ár scéil. Tá cuspóir ríthábhachtach againn. Is é an cuspóir céanna ná an córas cumhachta a chlaochlú chun a chur ar chumas ár sochaí ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár n-uaillmhianta maidir le hathrú aeráide agus neodracht carbóin a chomhlíonadh.
Bí mar chuid den chlaochlú!
An Deis
Tá Innealtóir Ceannais Sinsearach á lorg againn anois le bheith inár bhfoireann um Shláine an Chórais.
Mar Innealtóir Ceannais Sinsearach – Méadrú Ioncaim, tacóidh tú le feidhm Shláine an Chórais trína bheith i gceannas ar gach gné den Mhéadrú Ioncaim le haghaidh gineadóirí atá nasctha le tarchur agus suiteálacha fuinnimh in-athnuaite.
Déanfaidh tú bainistiú ar oibriú an Chórais um Bailiú Sonraí Méadair (MDMS), chomh maith leis na córais Bhailíochtaithe agus Ionadaithe. Anuas orthu sin, beidh ort an Cód Méadraithe a bhainistiú chun comhlíonadh a fhorálacha a chinntiú.
Beimid ag brath ortsa le cuidiú le feidhm Shláine an Chórais a cuspóir foriomlán a bhaint amach, trí anailís a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla, réitigh, próisis agus modheolaíochtaí a mholadh, chomh maith le cuir i láthair agus tuarascálacha a ullmhú le haghaidh na rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara.
An Fhoireann
Tá an Oifig um Oibríochtaí agus Bainistíocht Sócmhainní laistigh de EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardoilte a bhfuil cúlra acu san innealtóireacht agus sa ghnó/tráchtáil.
Tá sé mar sprioc ag Éirinn 80% dár leictreachas a fháil ó acmhainní in-athnuaite faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Tá an Oifig um Oibríochtaí agus Bainistíocht Sócmhainní lárnach do sheachadadh ár bpríomhróil – oibriú, forbairt agus feabhsú an chórais cumhachta uile-oileáin agus an margadh mórdhíola leictreachais.
Tá feidhm Shláine an Chórais freagrach as pleanáil oibriúcháin ó 10 mbliana amach go dtí gar d’fhíor-am, cosaint agus méadrú an chórais cumhachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a spreagadh, athrú claochlaitheach a leabú agus a chinntiú go seachadtar sainchúram lárnach Ghrúpa EirGrid.
Is deis iontach í seo do dhaoine aonair atá nuálach, dírithe ar réitigh agus spreagthale bheith páirteach inár bhfoireann agus ról lárnach a bheith acu san aistriú go todhchaí fuinnimh ísealcharbóin.
Fútsa
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
* Céim innealtóireachta nó a comhionann, le 6 bliana ar a laghad de thaithí iarcháilíochta.
* Cumas ceannaireacht a dhéanamh, tionscadail a bhainistiú agus freagracht a ghlacadh as tionscadail mhéadraithe.
* Eolas ar mhargaí mórdhíola cumhachta, socruithe margaidh sa Mhargadh Leictreachais Aonair, sa Bhreatain Mhór, sa Fhrainc agus i dtíortha Eorpacha eile, Cód Méadraithe, Suiteálacha Méadair, Cumarsáid Méadraithe agus Lárchórais Cheistiúcháin/bhailíochtaithe.
* Cumas daoine eile a threorú, áitiú orthu agus tionchar a imirt orthu trí scileanna cumarsáide agus taidhleoireachta.
* Sárscileanna eagrúcháin agus cuntas teiste láidir seachadta
* Cumas roghanna réitigh nuálacha a fhorbairt agus a sholáthar ar cheisteanna casta go pras.
* Féin-spreagtha, díograis agus an cumas nithe a bhaint amach i gcomhthéacs ina mbíonn riachtanais ag síorathrú.
* Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe chun oibriú go héifeachtúil mar chuid d’fhoireann, agus a bheith in ann a gcuid oibre féin a shainiú agus a threorú gan mórán maoirseachta.
* Scileanna maithe cumarsáide ó bhéal agus scríofa agus an cumas coincheapa teicniúla a chur in iúl do lucht éisteachta neamhtheicniúil.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas:
10/01/2024
Má chreideann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí agat a theastaíonn ón bpost seo, uaslódáil do CV agus litir chumhdaigh (in aon doiciméad amháin).
Is Fostóir Comhdheiseanna é EirGrid #J-18808-Ljbffr