DescriptionWe are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
So, we’re passionate about helping our people to do the best work of their lives, to enable them to make a positive difference to communities all over Ireland. Our aim is to attract and develop talented and skilled people with diverse backgrounds and an evolving range of expertise and insight. We believe that such a strong workforce will help us achieve our goals and allow us to continue investing in, and advancing, Ireland’s water services.
The Role:
Uisce Éireann IT (UÉ IT) provides IT services and support to the wider Uisce Éireann business, and across the Local Authority user base.
The IT-OT (Operational Technology) team houses the Operational Technology skills necessary to ensure the implementation and availability of all IT-OT applications and infrastructure, including hardware, networks, data centre and disaster recovery. The IT-OT team plan and manage technical OT projects to renew and update the underlying OT infrastructure and safeguard UÉ OT systems by implementing robust security standards such as the Network and Information Systems Directive. The team play a critical role in the operation, integration and connectivity of systems such as the National Telemetry System, Leakage Management System, Operational Data Store and Enterprise Data Historian. The team manages and maintains these systems as befitting UÉ designation as an Operator of Essential Services.
Reporting to the IT-OT Applications & Delivery Manager, the OT Technical Arcihtect will be responsible for supporting the IT (application and Infrastructure) requirements for the Operational Technology estate, the ongoing IT-OT support to the National Operations Management Centre (NOMC) and wider user base, and the integration of IT-OT systems and data with the mainstream IT estate.
Main Duties and Responsibilities:
Design appropriate system solutions, translating business requirements into IT-OT solutions.
Working closely with the wider-IT Architects in shaping and delivering the IT-OT systems strategy for the business with actionable plans to reach the to-be state.
In collaboration with the IT-OT Applications Lead, responsible for defining the operational technology roadmap and the overall enterprise architecture.
Collaboration with the IT Enterprise Architecture group for technology roadmap and strategy.
Aligning with the business to ensure the solution design meets business commitments and is future proof, as well as ensuring the business is aligned with good technical integrity and what IT-OT’s strategy represents.
Keepabreast of leading practice and industry standards to encourage adoption of new technological solutions.
In collaboration with the IT-OT Applications Lead, support the agreement, compilation and maintenance of an application work programme.
Design a migration path for legacy systems into the National Telemetry System and collaborate with key stakeholders to manage deprecation and decommissioning.
Understand operational business cycles and external relationships with a view to ensuring the high availability of OT applications to meet operational business requirements.
Drive compliance with cybersecurity compliance requirements and best practice in line with the Network and Information Systems Directive (e.g: NIST Controls, CIS Hardening, IEC 62443 etc).
Support the management of the ongoing relationships with wider-IT teams including IT Operations, IT Build & Delivery, IT Strategy, Data & Digital and IT Business Partners.
Build strong relationships with peer IT-OT leads with the aim of optimising cooperation and maximising efficiencies.
Assist in the implementation of the Uisce Éireann Telemetry Strategy as a key contributor for Uisce Éireann IT, Asset Operations and Asset Management through the Telemetry Programme’s work streams.
Participation in On Call Rota and flexibility for out of hours work as required.
General Duties and Responsibilities:
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;
Other IT-OT pillar Managers and Leads
Wider IT Teams
Teams across the Business Units (e.g. Asset Operations, Asset Management)
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
A minimum of 5 years experience in an Architectural role in IT or OT is desirable
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 5 years experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Ability to develop and maintain effective strategic partnerships with key stakeholders internally and externally
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Dírímid, mar sin, ar chabhrú lenár bhfoireann an obair is fearr dá saol a dhéanamh ionas go mbeidh tionchar dearfach ag an obair sin ar phobail ar fud na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn daoine cumasacha oilte a mhealladh agus a fhorbairt, ar daoine iad as cúlraí éagsúla agus ag a bhfuil saineolas agus tuiscint a bhíonn ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Creidimid go gcuideoidh a leithéid d’fhórsa saothair láidir linn maidir lenár spriocanna a bhaint amach agus go ligfidh sé dúinn leanúint leis an infheistiú i seirbhísí uisce na hÉireann agus na seirbhísí sin a chur chun cinn.
An Ról:
Cuireann TF Uisce Éireann (TF UÉ) seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do ghnó níos leithne Uisce Éireann, agus ar fud bhonn úsáideoirí Údarás Áitiúil.
Is ag an bhfoireann TF-TO (Teicneolaíocht Oibríochtúil) atá na scileanna Teicneolaíochta Oibríochtúla lena gcinntítear go gcuirtear gach feidhmchlár agus bonneagar TF-TO i bhfeidhm, agus go mbíonn teacht saoráideach orthu. Áirítear leis sin crua-earraí, líonraí, ionad sonraí agus athshlánú ó thubaiste. Is faoin bhfoireann TF-TO atá sé na tionscadail theicniúla TO a phleanáil agus a bhainistiú atá dírithe ar an mbonneagar TO atá mar bhonn faoi seo a athnuachan agus a nuashonrú agus, lena chois sin, córais TO de chuid UÉ a chosaint trí chaighdeáin slándála láidre a chur i bhfeidhm amhail an Treoir maidir le Córais Líonra agus Faisnéise. Tá ról ríthábhachtach ag an bhfoireann maidir le hoibriú, comhtháthú agus nascacht córas leithéidí an Córas Náisiúnta Teiliméadrachta, An Córas um Ligean a Bhainistiú, Stóras Sonraí Oibríochtúla agus an Staraí um Shonraí Fiontraíochta. Is í an fhoireann a bhainistíonn agus a choinníonn caoi cheart ar na córais seo mar is cuí do UÉ ina cháil mar Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha ainmnithe.
Beidh an tAiltire Teicniúil TO freagrach don Bhainisteoir Feidhmchlár & Seachadta TF-TO, agus beidh sé/sí freagrach as tacaíocht a thabhairt maidir le riachtanais TF (feidhmchlár agus Bonneagar) de chuid eastát na rannóige Teicneolaíochta Oibríochtúla, freagrach as tacaíocht leanúnach TF-TO a thabhairt don Ionad Náisiúnta Bainistíochta Oibríochtaí (NOMC) agus don bhonn úsáideoirí níos leithne, agus freagrach as córais agus sonraí TF-TO a chomhtháthú leis an ngnáth-eastát TF.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Réitigh chuí a dhearadh do chórais ionas gur féidir teacht ar réitigh TF-TO maidir le riachtanais ghnó.
Oibriú go dlúth le hAiltirí TF ar fud an ghnóthais chun straitéis na gcóras TF-TO a mhúnlú agus a sheachadadh don ghnóthas trí phleananna inghníomhaithe a leagan amach ionas gur féidir an staid inmhianaithe a bhaint amach.
A bheith freagrach, i gcomhar leis an gCeannasaí Feidhmchlár TF-TO, as treochlár maidir leis an teicneolaíocht oibríochtúil a leagan amach agus as an ailtireacht fhoriomlán fiontair a leagan amach.
Comhoibriú leis an ngrúpa um Ailtireacht Fiontair TF maidir le treochlár teicneolaíochta agus straitéis teicneolaíochta.
Riachtanais an ghnóthais a thabhairt san áireamh chun a chinntiú go bhfuil an réiteach a dearadh in ann freastal ar cheangaltais an ghnóthais agus go seasfaidh sé an aimsir, agus chun a chinntiú freisin go bhfuil sláine mhaith theicniúil i bhfeidhm sa ghnóthas agus go mbaineann an gnóthas lánúsáid as an straitéis TF-TO.
A bheith ar an eolas i gcónaí faoi na caighdeáin chleachtais agus tionscail is déanaí d’fhonn spreagadh a thabhairt maidir le réitigh nua theicneolaíochta a ghlacadh.
Tacaíocht a thabhairt, i gcomhar leis an gCeannasaí Feidhmchlár TF-TO, maidir le clár oibre feidhmchlár a chomhaontú, a thiomsú agus a chothabháil.
Conair ascnaimh a dhearadh le haghaidh córais oidhreachta a chur isteach sa Chóras Náisiúnta Teiliméadrachta agus comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara chun dímheas agus díchoimisiúnú a bhainistiú.
Tuiscint ar thimthriallta gnó oibríochtúla agus ar chaidrimh le páirtithe seachtracha d’fhonn a chinntiú go mbíonn fáil mhaith ar fheidhmchláir TO i gcónaí ionas gur féidir riachtanais ghnó oibríochtúla a shásamh.
Dlús a chur le cloí le ceanglais chomhlíontachta chibearshlándála agus le dea-chleachtais de réir na Treorach maidir le Córais Líonra agus Fhaisnéise (m.sh.: Rialuithe NIST, Neartú CIS, IEC 62443 srl).
Tacaíocht a thabhairt maidir le bainistiú na gcaidreamh leanúnach le foirne TF ar fud an ghnóthais, lena n-áirítear an fhoireann um Oibríochtaí TF, an fhoireann um Fhorbairt & Seachadadh TF agus an fhoireann um Straitéis TF chomh maith le Comhpháirtithe Gnó um Shonraí & Cúrsaí Digiteacha agus Comhpháirtithe Gnó TF.
Caidrimh láidre a chothú le ceannasaithe TF-TO comhchéime d’fhonn comhoibriú a bharrfheabhsú agus éifeachtúlacht a uasmhéadú.
Cuidiú le Straitéis Teiliméadrachta Uisce Éireann a chur i bhfeidhm mar bhealach lena gcuirfidh TF Uisce Éireann, Oibríochtaí Sócmhainní agus Bainistiú Sócmhainní go mór le cúrsaí trí bhíthin sruthanna oibre an Chláir Teiliméadrachta.
Páirt a ghlacadh in uainchlár ar glao-dhualgas agus a bheith toilteanach obair lasmuigh de ghnáthuaireanta nuair is gá sin.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
Le Bainisteoirí crainn taca agus le Ceannasaithe TF-TO eile
Le foirne TF i gcoitinne
Foirne ar fud na nAonad Gnó (m.sh. Oibríochtaí Sócmhainní, Bainistiú Sócmhainní)
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d’fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá taithí 5 bliana ar a laghad i ról Ailtireachta in TF nó TO inmhianaithe.
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
Tá Taithí 5 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscail eile san earnáil sin inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.
Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach nó seachtrach
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile
Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach
Scileanna anailíse láidre agus cumas fadhbanna agus gnéithe feabhais féideartha a aithint agus anailís a dhéanamh orthu, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna sinn agus trínár bpróiseas earcaíochta cuirimid fáilte roimh agus spreagaimid iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar shibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.