Data and Systems Integration Developer / Forbróir Comhtháthaithe Sonraí agus Córas (E2025078)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
An Deis
Tá an fhoireann comhtháthaithe Sonraí agus Córais de chuid EirGrid ag cur lena gClár claochlaithe agus tá siad ag tóraíocht Forbróirí agus Suimeálaithe Bogearraí a thacóidh linn chun ár sprioc straitéiseach a bhaint amach, is é sin an tAistriú Fuinneamh a sheachadadh. Tá an teicneolaíocht, go leor sonraí a ghineadh, i gcroílár ár n-oibríochtaí. Fágfaidh an obair a dhéanfaidh an fhoireann go mbeifear in ann cinnteoireacht atá bunaithe ar shonraí a úsáid ag gach leibhéal den eagraíocht agus beidh treisiú ár sonraí mar chumasóir bunriachtanach ionas go mbeifear in ann aistriú ó Chóras Cumhachta go dtí Carbón Glan-Nialasach.
Táimid ag tóraíocht Forbróir Comhtháthaithe Sonraí agus Córas le bheith mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach agus speisialaithe a sheachadann cineálacha réitithe agus comhtháthaithe bogearraí do shraith córas casta, den chéad scoth a thacaíonn le hInfreastruchtúr Criticiúil Náisiúnta ar bhonn 24/7.
Beidh tú mar chuid den bhunsraith le haghaidh fhorbairt ár gcleachtais ‘Forbairt, Oibríochtaí agus Néal’. Tabharfaidh tú faoi dhearadh agus faoi fhorbairt na réitithe bogearraí agus na sonraí ina gcuirtear uirlisí ar fáil do pháirtithe leasmhara ar fud na heagraíochta.
Fútsa
* Ní mór 4-5 bliana de thaithí a bheith ag an té sin ar fhorbairt bogearraí chomh maith le céim/ cáilíocht i ndisciplín teicniúil
* Taithí ar bhogearraí a sheachadadh i dtimpeallacht Shofhreagrúil / Forbartha agus Oibríochtaí
* Taithí ar bhainistiú sonraí agus ar theicnící aistrithe
* An cumas chun cumarsáid a dhéanamh le baill foirne ag gach leibhéal laistigh den eagraíocht
* Féinspreagtha agus an cumas ag an té sin le hoibriú i dtimpeallacht chomhoibríoch foirne
* A bheith in ann an cumas a léiriú chun fadhbanna casta a réiteach/chun scileanna fadhbfhuascailte a léiriú agus tacair sonraí chasta a léiriú ar bhealaí sothuigthe.
* Taithí ar shonraí a láimhsiú i dtimpeallacht Oracle PL/SQL agus MySQL
* Cur amach a bheith ag an té sin ar gach ceann de na tacair sonraí seo a leanas nó ar chuid díobh. Visual Studio, .NET, C#, TFS, ASP.NET, XML, MS Azure Portal
* Taithí ar: Webservices, APIanna agus Uirlisí API m.sh. SOAPUI/Postman, Powershell, Python, IIS, Oracle ODI, WebServices, Windows Services, Power Apps/Power BI
Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications
13/02/2025
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr