DescriptionAnailísí ar Líonraí OT/OT Networks Analyst
An Ról:
Cuireann TF Uisce Éireann (TF UÉ) seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do ghnó níos leithne Uisce Éireann, agus ar fud bhonn úsáideoirí Údarás Áitiúil.
Is ag an bhfoireann TF-TO (Teicneolaíocht Oibríochtúil) atá na scileanna Teicneolaíochta Oibríochtúla lena gcinntítear go gcuirtear gach feidhmchlár agus bonneagar TF-TO i bhfeidhm, agus go mbíonn teacht saoráideach orthu. Áirítear leis sin crua-earraí, líonraí, ionad sonraí agus athshlánú ó thubaiste. Is faoin bhfoireann TF-TO atá sé na tionscadail theicniúla TO a phleanáil agus a bhainistiú atá dírithe ar an mbonneagar TO atá mar bhonn faoi seo a athnuachan agus a nuashonrú agus, lena chois sin, córais TO de chuid UÉ a chosaint trí chaighdeáin slándála láidre a chur i bhfeidhm amhail an Treoir maidir le Córais Líonra agus Faisnéise. Tá ról ríthábhachtach ag an bhfoireann maidir le hoibriú, comhtháthú agus nascacht córas amhail an Córas Náisiúnta Teiliméadrachta, an Córas um Ligean a Bhainistiú, Stóras Sonraí Oibríochtúla agus an Staraí um Shonraí Fiontraíochta. Is í an fhoireann a bhainistíonn agus a choinníonn caoi cheart ar na córais seo mar is cuí do UÉ ina cháil mar Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha ainmnithe.
Agus é nó í ag tuairisciú don Cheannasaí Líonraí TF-TO, is faoin Anailísí ar Líonraí TF-TO a bheidh sé tacú le cur i bhfeidhm agus le cothabháil le go mbeidh bonneagair líonra in Uisce Éireann slán agus éifeachtúil.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Tacú le baill foirne an líonra TF-TO a bhainistiú le hoibríochtaí a choinneáil éifeachtúil agus cumarsáid shaoráideach idir chórais éagsúla a chinntiú
Laigí sa líonra TF-TO a mheas agus straitéisí maolaithe riosca a chur i bhfeidhm le sonraí a chosaint
Dea-chleachtais agus caighdeáin a chur i bhfeidhm le hiontaobhacht agus le hinfhaighteacht na gcóras TF-TO a chinntiú
Tacú le bearta láidre slándála a chur i bhfeidhm agus caoi a choinneáil orthu d’fhonn an córas a chosaint agus le go mbeidh teacht air i gcónaí
Bonneagair líonra TF-TO shlána iontaofa a dhearadh, a chur i bhfeidhm agus caoi a choinneáil orthu
Obair i gcomhar le foirne ilréimsiúla ar fud an ghnó le tuiscint a fháil ar riachtanais a líonraí féin agus chun straitéisí líonra a chur i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil siad ag teacht le cuspóirí UÉ
Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an líonra, scrogaill bonneagair a aimsiú agus fabhtcheartú a dhéanamh ar shaincheisteanna bainteach leis an líonra le go mbeidh a laghad earráidí agus agaí neamhfhónaimh agus is féidir ann.
Lámh a bheith aige nó aici in athbhreithniú a dhéanamh ar athruithe ar sheirbhísí líonra nua agus séala a chur le hobair de réir critéir inghlacthachta agus cháilíochta
Tacaíocht a thabhairt, mar chuid den líonra Grúpa Taifeoirí Samhla Tacaíochta TF-TO trí chéile, maidir le saincheisteanna líonra ó lá go lá agus le teagmhais nó le saincheisteanna a tugadh le fios a réiteach, ag cur dlús le cúrsaí agus a c(h)uid féin a dhéanamh den tsaincheist go dtí go réiteofar í
Féachaint chuige go gcloíonn bonneagair an líonra le caighdeáin agus le rialacháin tionsclaíochta ábhartha
Coinneáil suas le treochtaí sa tionscal agus cleachtais a chur i bhfeidhm go daingean i mbainistiú líonra agus i gcúrsaí slándála
Tacú le dlús a chur le cloí le ceanglais chomhlíontachta chibearshlándála agus le dea-chleachtais de réir na Treorach maidir le Líonra agus Córais Fhaisnéise (m.sh: Rialuithe NIST, Neartú CIS, IEC 62443 srl).
Cuidiú le Straitéis Teiliméadrachta Uisce Éireann a chur i bhfeidhm mar bhealach lena gcuirfidh TF Uisce Éireann, Oibríochtaí Sócmhainní agus Bainistiú Sócmhainní go mór le cúrsaí trí bhíthin sruthanna oibre an Chláir Teiliméadrachta.
Tacú le córais oidhreachta TF-TO a bhainistiú de réir mar is gá.
páirt a ghlacadh in uainchlár ar glao-dhualgas agus a bheith toilteanach obair lasmuigh de ghnáthuaireanta nuair is gá sin.
Dualgais eile de réir mar is gá ó am go chéile
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
Le Bainisteoirí crainn taca agus le Ceannasaithe TF-TO eile
Le foirne TF i gcoitinne
Foirne ar fud na nAonad Gnó (m.sh. Oibríochtaí Sócmhainní, Bainistiú Sócmhainní)
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
Dualgais eile de réir mar is gá
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Bheadh sé ina bhuntáiste seal a bheith caite i mbun oibríochtaí líonraí TF nó TO a bhainistiú roimhe seo
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
Tá Taithí 3 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscail eile san earnáil sin inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.
Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta go réamhghníomhach agus go caoithiúil chomh maith leis an gcumas eolas a chur in iúl do dhaoine eile
Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus le cumas léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d’fhoireann
Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre.
The Role
Uisce Éireann IT (UÉ IT) provides IT services and support to the wider Uisce Éireann business, and across the Local Authority user base.
The IT-OT (Operational Technology) team houses the Operational Technology skills necessary to ensure the implementation and availability of all ITOT applications and infrastructure, including hardware, networks, data centre and disaster recovery. The IT-OT team plan and manage technical OT projects to renew and update the underlying OT infrastructure and safeguard UÉ OT systems by implementing robust security standards such as the Network and Information Systems Directive. The team play a critical role in the operation, integration and connectivity of systems such as the the National Telemetry System, Leakage Management System, Operational Data Store and Enterprise Data Historian. The team manages and maintains these systems as befitting UÉ designation as an Operator of Essential Services.
Reporting to the IT-OT Networks Lead, the IT-OT Networks Analyst will be responsible for supporting the implementation and maintenance of secure and efficient network infrastructures within Uisce Éireann.
Main Duties and Responsibilities:
Support the management of the IT-OT network team to ensure efficient network operations and seamless communication between different systems
Evaluate IT-OT network vulnerability and implement risk mitigation strategies to protect data
Ensure the reliability and availability of IT-OT systems by implementing best practices and standards
Support the implementation and maintenance of robust security measures to protect the system and maintain availability
Design, implement and maintain secure and reliable IT-OT network infrastructures
Collaborate with cross-functional teams across the business to understand their network requirements and implement network strategies to ensure alignment with UÉ objectives
Monitor network performance, identify bottlenecks and troubleshoot network related issues to minimise errors and down time
Involvement in the review of new network service changes and signing off against acceptance and quality assurance criteria
As part of the overall IT-OT Support Model Resolver Group network, support in day to day network issues and resolution of incidents and tickets raised, acting as an escalation point, taking ownership through to resolution
Ensure that the network infrastructure complies with relevant industry standards and regulations
Stay up to date with industry trends and nest practices in network management and security
Support in driving compliance with cybersecurity compliance requirements and best practice in line with the Network and Information Systems Directive (e.g: NIST Controls, CIS Hardening, IEC 62443 etc)
Assist in the implementation of the Uisce Éireann Telemetry Strategy as a key contributor for Uisce Éireann IT, Asset Operations and Asset Management through the Telemetry Programme’s work streams
Support in management of IT-OT legacy systems as required
Participation in On Call Rota and flexibility for out of hours work as required
Other duties are required from time to time
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;
Other IT-OT pillar Managers and Leads
Wider IT Teams
Teams across the Business Units (e.g. Asset Operations, Asset Management)
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
Other duties as required
Knowledge, Skills and Experience:
Experience in an IT or OT networks operations management role is desirable
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 3 years experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 08/01/2025 .
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability