DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht. An Ról: Déanann Oibríochtaí Custaiméirí eispéireas agus seirbhís custaiméirí atá sármhaith a fhorbairt, a sholáthar agus a thacú do chustaiméirí tí agus do chustaiméirí tráchtála araon laistigh de thionscal rialaithe. Tá Oibríochtaí Custaiméirí freagrach as caidreamh custaiméirí leis an Ionad Teagmhála Custaiméirí a bhainistiú, agus seirbhísí billeála do chustaiméirí atá tráthúil agus cruinn á gcinntiú agus straitéis Uisce Éireann do chustaiméirí á cur i bhfeidhm go héifeachtach.Beidh an fhoireann um Seirbhís do Chustaiméirí cuntasach i leith seirbhís éifeachtach agus optamach a bhainistiú agus a sholáthar trí réimse bealaí. Áirítear leis seo forbairt agus bainistiú bealaí difreáilte do chustaiméirí trínar féidir le custaiméirí dul i dteagmháil le hUisce Éireann, agus seirbhísí teagmhála agus bainistíochta gearán á soláthar do chustaiméirí Baile, Ilchineálacha, um Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBM) agus do chustaiméirí Tionsclaíochta agus Tráchtálacha (T&T).Agus é/í freagrach don Cheannasaí Soláthair Oibríochtaí, déanfaidh an tAnailísí Soláthair Oibríochtaí idirchaidreamh le páirtithe leasmhara in Uisce Éireann, agus le húdaráis áitiúla chun a chinntiú go mbíonn próisis dhea-chleachtais um theagmháil le custaiméirí i bhfeidhm d’fhonn sásamh custaiméirí a mhéadú i measc custaiméirí uile agus glacadh le branda Uisce Éireann a fheabhsú. Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:Próisis um theagmháil le custaiméirí a chomhordú maidir leis na nithe a leanas: an Clár Méadraithe, Oibríochtaí Líonra, Fás Tionscadal agus Oifig Tosaigh Billeála BAU (Gnó mar is Gnách).Idirchaidreamh a dhéanamh le hOibríochtaí/Sreabhadh Oibre/an Clár Méadraithe chun a chinntiú go mbaineann iarracht íosta le heispéireas custaiméirí agus go mbaintear spriocanna amach maidir le sásamh custaiméirí.Obair a dhéanamh leis an díoltóir seachfhoinsithe ar bhainistíocht laethúil na bpríomhbhealaí isteach agus amach le haghaidh na bpríomhréimsí oibríochtúla trí theileafón, trí ríomhphost, trí na meáin shóisialta agus trí bhota comhrá. Tacaíocht a thabhairt do phríomhphróisis an ghnólachta ar fud réimsí uile lena n-áirítear méadrú, bristeacha, oibreacha beartaithe, an chéad deisiú, fás tionscadal, etc. Tacaíocht a thabhairt do chur i gcrích riachtanais CRF agus riachtanais eile an lámhleabhair rialála maidir le teagmháil isteach agus amach le custaiméirí. Páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm próiseas nua/beachtaithe ar bhonn céimneach.Tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm ábhair oiliúna ar bhonn céimneach agus cur chuige bunaithe ar mhodúil a fhorbairt.Athbhreithnithe ar cháilíocht agus seisiúin chalabrúcháin a chur i bhfeidhm, ag cinntiú go gcuirtear aiseolas chun cinn agus go feabhsaítear cáilíocht. Feidhmíocht seirbhíse agus an buiséad a mhonatóiriú chun rialú costas agus soláthar na gcaighdeán seirbhíse riachtanach a chinntiú.Tacaíocht a thabhairt don phróiseas uaschuir chun deiseanna a shainaithint le haghaidh próisis a fheabhsú agus réitigh chéadteagmhála a mhéadú.Obair a dhéanamh le foireann chur chun cinn an tsreafa oibre agus le rannóga eile de réir mar is gá chun nuashonruithe agus cruinneas maidir le ceisteanna custaiméirí agus obair a ardú agus a chinntiú.Tacaíocht a thabhairt do thabhairt isteach feabhsuithe agus athruithe ar phróiseas na gceangal nua.Cásanna a shainaithint nuair is féidir an luach a mhéadú, e.g. an dóigh a ndéantar bealaí éagsúla a bhainistiú. Tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm athruithe ar bith ar chórais nó ar phróisis ar bhonn céimneach i gcomhar leis an bhfoireann Custaiméirí agus próiseas SER (Iarratas ar Fheabhsúchán Seirbhíse) a úsáid.Páirt a ghlacadh i gcláir thagamharcála chun comhlíonadh chaighdeáin an tionscail a mheasúnú.Tacú leis an róta ar ghlao-dhualgas más gá. Dualgais agus Freagrachtaí GinearáltaComhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.Dualgais eile nuair is gá. Eolas, Scileanna agus Taithí:Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha.Ba bhuntáiste do dhuine taithí 3 bliana ar a laghad a bheith aige nó aici san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha mar iad.An cumas léirithe anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar phróisis atá casta, agus inniúlacht theagmhálach aige/aici maidir le CC & B (Cúram do Chustaiméirí agus Billeáil) agus córas orduithe oibre Maximo arna forlíonadh ag scileanna sármhaithe Microsoft Excel maidir le hanailísiú, léirshamhlú agus tuairisciú sonraí.Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach.Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.Duine ardspreagatha, a oibríonn ar na caighdeáin phroifisiúnta is airde a bhfuil an cumas cruthaithe aige/aici torthaí a bhaint amach mar bhall d’fhoireann agus luachanna na heagraíochta á gcoimeád trí chinnteoireacht ag an am céanna.Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú.Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre.Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ar chur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh. *Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh. Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann. Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas. We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come. The Role: Customer Operations develop, deliver and support excellent customer experience and service to both domestic and non-domestic customers within a regulated industry. Customer Operations is responsible for managing the customer relationship with the Customer Contact Centre, ensuring timely and accurate customer billing services and effectively implementing the Uisce Éireann customer strategy.The Customer Service team will be accountable for managing and providing efficient and optimal customer service via a range of channels. This includes development and management of differentiated customer channels through which customers can engage with Uisce Éireann, providing contact and complaints management services to Domestic, Mixed Use, Small to Medium Enterprise (SME) customers and to Industrial and Commercial (I&C) customers.Reporting to the Operations Delivery Lead, the Operations Delivery Analyst will liaise with stakeholders in Uisce Éireann, and local authorities to ensure best practice customer contact processes are in a place to deliver increased customer satisfaction to all customers and improved brand acceptance for Uisce Éireann. Main Duties and Responsibilities: Co-ordinate customer contact processes for Metering Programme, Network Operations, Project Grow and BAU Billing Front Office.Liaise with Operations/Workflow /Meter Programme to ensure the customer experience has minimum effort and meets customer satisfaction targetsWork with the outsourced vendor in the day to day management of core inbound and outbound channels for main operational areas via Phone, email, social media and chat bot. Support the key processes of the business across all areas including metering, outages, planned works, first fix, project grow etc Support the delivery of CRU and other regulatory handbook requirements in relation to inbound and outbound customer contact. Participate in rollout of new/refined processesSupport rollout of training material and develop modular based approachConduct quality reviews and calibration sessions ensuring feedback is progressed and quality improved. Monitor service performance and budget to ensure cost control and delivery of required service standards.Support the escalation process to identify opportunities for process improvement and increased first contact resolution.Work with Workflow progression team and other departments as required to raise and ensure updates and accuracy of customer queries and workSupport the introduction of improvements and changes to the new connections process.Identify instances where value can be increased, e.g. how various channels are managed. Support the rollout of any system or process changes in conjunction with the Customer team and utilise the SER processParticipate in benchmarking programmes to assess adherence to industry standardsSupport the on call rota if required. General Duties and ResponsibilitiesCollaboration with key internal stakeholders across the UÉ businessResponsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.Other duties as required. Knowledge, Skills and Experience: Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experienceA minimum of 3 years’ Experience in the water, utilities or similar industries is desirableDemonstrated ability to analyse complex data and processes, with hands on proficiency in CC & B and Maximo work order system complemented by excellent Microsoft excel skills for data analysis, visualisation and reportingAbility to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externallyExperience in independently resolving customer challenges while maintaining high service standards.Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to othersHighly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team whilst upholding organisational values through decision making.Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutionsDemonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirementsProactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the jobExperience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives. *Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further. Uisce Éireann is an equal opportunities employer. We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.