Is sinne na daoine atá taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Ach ní hé sin go léir, táimid anois ag athrú an chórais cumhachta do na glúine atá le teacht. Táimid ag díriú ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar iontaofacht. An timpeallacht oibre atá againn, tá sí dúshlánach, gluaiseann sí go tapa, tá sí comhoibritheach agus tá sí dírithe ar an bhfoireann. Is í an fheidhmíocht, an t-eolas agus an fhorbairt leanúnach a thiomáineann ár gcultúr. Agus níl ansin ach tús ár scéil. Táimid anois ag athrú an chórais chumhachta do na glúine atá le teacht.
Ní raibh cuma chomh spreagúil riamh cheana ar ár dtodhchaí. Agus is deis iontach é seo a bheith mar chuid di. Tá an domhan réidh le hathrú. Má tá tú chomh maith, déan teagmháil linn.
An Fhoireann/ The Team
Tá an Fheidhm Oibríochtaí Margaidh freagrach as Margadh Leictreachais Aonair comhtháiteach Eorpach a oibriú agus a fheabhsú ar fud oileán na hÉireann, margadh a ligfidh do ghineadóirí agus do chuideachtaí soláthair leictreachas a cheannach agus a dhíol roimh an dáta seachadta agus ina dhiaidh sin praghsanna a ríomh a bhfuil feidhm acu maidir le cothromú fíor-ama soláthair agus éilimh.
Áirítear leis sin oibriú na margaí lá roimh ré agus ionlae agus Oibríochtaí Cothromaithe Margaidh. Gníomhaíocht shuntasach is ea anailís a dhéanamh ar iompraíocht an mhargaidh, i bhfianaise scála an airgid atá á dhéanamh, ~ €10bn in aghaidh na bliana, agus mhéid na dtacar sonraí a ghintear. Feidhmíonn na margaí ar bhonn 365 lá agus gineann siad tacair shuntasacha sonraí síos go réiteach cúig nóiméad.
Ba mhaith leis an bhFeidhm Oibríochtaí Margaidh daoine aonair a earcú ar spéis leo a ngairm a chur chun cinn sa tionscal fuinnimh. Le nádúr criticiúil na hoibre a dhéanaimid, agus leis an taithí a sholáthraíonn sé, tá deiseanna gairme spreagúla ar fáil.
An Deis/ The Opportunity
Tá ról lárnach ag an Oibreoir Margaidh maidir leis an raon iomlán oibre a sheachadadh laistigh den fhoireann Oibríochtaí Margaidh, lena n-áirítear an deasc trádála a oibriú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.
Sa ról seo beidh tú ag obair go dlúth le soláthraithe seirbhíse chun na torthaí ó na margaí mórdhíola éagsúla a oibriú agus a fhíorú. Ní mór don Oibreoir Margaidh formhaoirseacht a choinneáil ar ghníomhaíochtaí ceantála na n‐oibríochtaí margaidh uile le linn na gceantanna agus idirchaidreamh dlúth a dhéanamh le páirtithe leasmhara chun saincheisteanna oibríochtúla a réiteach, faoi sprioc‐amanna an‐docht go hiondúil. Áirítear ar na páirtithe leasmhara sin an Lárionad Náisiúnta Rialaithe, bainistíocht Oibríochtaí Margaidh agus TF inmheánach, chomh maith le hidirghníomhú le páirtithe seachtracha lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse, trádálaithe, oibreoir chóras na Ríochta Aontaithe, úinéirí idirnascairí agus oibreoirí margaidh eile san Eoraip/sa Ríocht Aontaithe.
Príomhfhreagrachtaí/ Key Responsibilities
* Príomhsheiceálacha laethúla a dhéanamh agus a chinntiú go n-oibríonn próisis chóras an mhargaidh go rianúil agus i gcás ina sainaithnítear saincheisteanna, féachaint leis an tsaincheist a réiteach laistigh de pharaiméadair chomhaontaithe nó géarú de réir mar is gá.
* I gcás nach bhfuil réiteach na saincheiste soiléir, bain úsáid as taithí agus eolas chun réitigh fhéideartha a shainaithint agus téigh i dteagmháil le baill foirne shinsearacha chun aghaidh a thabhairt uirthi.
* Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara inmheánacha agus/nó seachtracha chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le hoibriú an mhargaidh.
* Faireachán a dhéanamh ar phríomhghníomhaíochtaí margaidh amhail ceantanna agus tuarascálacha a fhoilsiú chun cruinneas agus tráthúlacht a áirithiú.
* Faireachán a dhéanamh ar chóras an mhargaidh ag ionchur sonraí agus ag bailíochtú aschur chun cruinneas a áirithiú.
* Dul i dteagmháil le custaiméirí i gcás ina bhfuil sonraí ar iarraidh agus timréitigh a chur ar fáil chun sonraí a chur isteach.
* Ticéid teagmhais a ardú ar an gcóras agus páirtithe inmheánacha agus seachtracha a chomhordú chun saincheisteanna a réiteach.
* Rannpháirtíocht réamhghníomhach i gcruinnithe coiste laethúla teagmhais le hOibreoirí Margaidh Eorpacha, a dhéanann ionadaíocht thar ceann EirGrid.
* Oibriú go dlúth leis an Ionad Náisiúnta Rialaithe agus le hIonad Rialaithe Theach an Chaisleáin Riabhaigh chun saincheisteanna a thagann chun cinn i bhfíor-am a réiteach agus géarú chuig Ceann Foirne de réir mar is cuí.
* Tástáil inghlacthachta úsáideora a dhéanamh ar eisiúintí córais (oiliúint iomlán curtha ar fáil).
* Próisis, nósanna imeachta agus seicliostaí a athbhreithniú agus a fheabhsú chun feabhas leanúnach a sholáthar.
* Anailís a dhéanamh ar thorthaí an mhargaidh agus tuarascálacha a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon.
* A áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála uile agus gníomhaíochtaí ceantála margaidh á ndéanamh.
Eolas fút féin/ About You
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
* De ghnáth, taithí 3 bliana ar ról oibríochtúil sonraí agus/nó criticiúil.
* Cumas uimhriúil agus anailíseach láidir.
* Bainistiú éifeachtach ama chun sprioc-amanna dochta a bhaint amach i dtimpeallacht atá ag gluaiseacht go tapa.
* Aird láidir ar mhionsonraí.
* Excel agus Visual Basic ar Ardleibhéal.
* Taithí ag baint úsáide as ilchórais ag an am céanna agus an cumas córais éagsúla a fhoghlaim agus a oibriú d'fhonn monatóireacht a dhéanamh ar fhorghníomhú an phróisis agus é a réiteach.
* Sárscileanna cumarsáide agus sármhuinín chun oibriú go trasfheidhmiúil i dtimpeallacht ghnó.
* An cumas oibriú go héifeachtach laistigh de thimpeallacht foirne faoi bhrú ama le cur chuige solúbtha oibre.
* Scileanna láidre i dtáirgí MS Office agus i gcórais bhainistíochta comhad e.g. SharePoint.
Má mheasann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí agat atá ábhartha don phost seo, uaslódáil do CV agus litir chumhdaigh (in aon doiciméad amháin) le do thoil.
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais/ Closing date for applications
29/11/2024
Is Fostóir Comhdheiseanna é EirGrid. EirGrid is an Equal Opportunities Employer.
#J-18808-Ljbffr