DescriptionUisce Éireann is Ireland’s national regulated water utility and is responsible for providing water and wastewater services throughout Ireland. Our mission is to ensure all of our customers receive a clean, safe and reliable supply of drinking water and have their wastewater collected and safely returned to the environment. We will protect the health and well-being of the people of Ireland, protect the environment in all our activities and support Ireland’s social and economic growth through appropriate investment in water services.
The Role:
The Facilities area is responsible for obtaining and maintaining UÉ's headquarters and regional offices, including activities such as: security, property management, capital projects, building management and fleet management. The function has the responsibility of delivering a highly effective Facilities Management Service for UÉ, this involves reviewing and implementing solutions to meet the current and future property and maintenance needs of the business, safeguarding the security of all UÉ’s facilities and locations and the management of the company’s complex fleet. It is an area that is and will be subject to significant change and expansion, supporting a large capital investment program, over the next number of years.
The Security team is responsible for the physical security of commercial (offices, depots, laboratories etc.) and operational sites (treatment plants, reservoirs etc.) including manned guarding, security management, security system installation, maintenance, and repair
Reporting to the National Security Manager, the Security Projects Manager is a key member of the Security team and is responsible for overseeing the delivery of a number of key security upgrade programs including fencing, security doors and security systems (e.g. access control, CCTV, intruder detection, automatic gates and electrical shutter doors). The purpose of this role is to deliver a highly effective Project Management Service to UÉ from conception through to completion. This will require providing an efficient service and ensuring that key relationships both internally and externally are maximised, while working to achieve UÉ’s drivers and objectives.
It is also a requirement to work closely with the programme teams to deliver the security elements of strategically important projects such as UÉT (Uisce Éireann Transformation project), Laboratories, Offices, Stores and Depots etc. as part of the transformation of the water services industry in Ireland over the coming years. The Project Manager will be accountable and responsible for the delivery of the security project portfolio in strict compliance with the UÉ polices and governance requirements.
Main Duties and Responsibilities:
Responsibility for the management of project delivery including budget, scope, programme, quality, safety and statutory approvals through all phases and gates from concept through to handover.
Preparation of papers and presentation at investment and contract approval committees (EAC) as required for approval of security capital spend and contract authorisation.
Develop and maintain strategic relationships with Senior Business Stakeholder/Managers and Local Authority staff to ensure successful capital projects delivery.
Create, review and manage project schedules to identify critical path, progress, lead times and project sequences.
Project manage design, planning/statutory processes, procurement, construction and commissioning activities to ensure that projects meet their delivery dates.
Develop security capital budgets and submission papers for Price Control submissions to the CRU.
Carry out regular reviews of project progress, budgets, changes, risks and issues, and ensure that reports are produced and circulated on an agreed timeline.
Manage and direct third-party resources to deliver the security capital projects portfolio including Engineering Consultant (Project Managers, Engineers, and Quantity Surveyors), Main Contractors and specialist vendors.
Manage the procurement of security capital works frameworks. Completion of Tender Document (mini tenders from Frameworks or where applicable full OJEU tender process), management of all queries etc and completion of tender assessments.
Manage and authorise all commercial aspects of contracts including, issuing POs, approving invoices, processing/approving interim payments and agreement and close out of the final account.
Delivery of construction projects in line with UÉ’s Health, Safety, Quality and Environmental requirements and ensure compliance with statutory and legislative requirements.
Identify areas of unsatisfactory performance and undertake Fault Analysis; proactively recommend and implement solutions; modify policies and procedures as required.
The role requires flexibility to extend working hours, work across regions (South, Southeast, West and Midlands) as required addressing project needs.
Participate in the on-call rota if required.
Other duties as maybe assigned from time to time.
Knowledge, Skills and Experience:
Minimum of 5 years’ experience delivering multiple projects from conception through to completion.
Relevant third level qualification in a related discipline or equivalent work experience.
Desirable to be a certified practitioner in one of the recognised PM methodologies either Prince2 or PMP.
Experience delivering civil works / security system installations desirable.
Proven experience in delivering projects and system upgrades across multiple sites.
Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others.
Ability to manage time and workload effectively which includes planning, organising and prioritising with attention to detail.
Experience with identifying improvement opportunities, generating ideas and implementing solutions.
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion, along with the ability to communicate complex information to others.
Have excellent analytical skills and be able to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions.
Ability to set own high standards of performance and delivering desired results.
Flexible with regards working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes, and requirements as necessary.
Proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skill on the job.
The role requires flexibility to work and travel across the country as required addressing needs of this national role.
Full clean Irish Driver’s License.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.
Ról: Bainisteoir Tionscadal Slándála
Réimse: Seirbhísí Gnó - Saoráidí Feidhm: Saoráidí Suíomh: Náisiúnta
Grád: D (€59,898-€89,848)*Fad: Buan
Is é Uisce Éireann fóntas náisiúnta rialaithe uisce na hÉireann, agus tá sé freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce a chur ar fáil ar fud na hÉireann. Is é ár misean chun a chinntiú go bhfaigheann ár gcustaiméirí uile soláthar uisce óil sábháilte iontaofa slán agus go ndéantar a bhfuíolluisce a bhailiú agus a chur ar ais go sábháilte sa chomhshaol. Cosnóimid sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann, cosnóimid an comhshaol inár ngníomhaíochtaí uile agus tacóimid le fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann trí infheistíocht chuí a dhéanamh i seirbhísí uisce.
An Ról:
Tá réimse na Saoráidí freagrach as ceanncheathrú agus oifigí réigiúnacha UÉ a fháil agus a chothabháil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar nós: slándáil, bainistíocht réadmhaoine, tionscadail chaipitil, bainistíocht foirgnimh agus bainistíocht flít. Tá an fhreagracht ar an bhfeidhm Seirbhís Bainistíochta Saoráidí an-éifeachtach a sholáthar do UÉ, is éard atá i gceist leis seo réitigh a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais réadmhaoine agus chothabhála an ghnó faoi láthair agus amach anseo, ag cosaint slándála saoráidí agus suíomhanna uile de chuid UÉ, agus ag bainistiú flít casta na cuideachta. Is réimse é atá faoi réir agus a bheidh faoi réir athraithe agus forbartha nach beag, ag tacú le clár mór infheistíochta caipitiúla, thar na blianta atá romhainn.
Tá an fhoireann Slándála freagrach as slándáil fhisiceach suíomhanna tráchtála (oifigí, iostaí, saotharlanna srl.) agus suíomhanna oibríochtúla (ionaid chóireála, taiscumair srl.) lena n-áirítear cosaint faoi chúram foirne, bainistíocht slándála, suiteáil, cothabháil agus deisiú córas slándála
Agus iad ag tuairisciú don Bhainisteoir Slándála Náisiúnta, tá an Bainisteoir Tionscadal Slándála ina bhall/ball lárnach den fhoireann Slándála agus tá siad freagrach as maoirseacht a dhéanamh as roinnt príomhchlár uasghrádaithe slándála a sholáthar lena n-áirítear fálú, doirse slándála agus córais slándála (m.sh. rialú rochtana, TCI, brath ionróra, geataí uathoibríocha agus doirse comhla leictreacha). Is é cuspóir an róil seo ná Seirbhís Bainistíochta Tionscadal atá thar a bheith éifeachtach a chur ar fáil d’UÉ óna coincheapadh go dtí a críochnú. Éileoidh sé sin go gcuirfear seirbhís éifeachtúil ar fáil agus a chinntiú go ndéanfar caidrimh thábhachtacha a uasmhéadú go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus obair á déanamh ag an am céanna chun spreagthóirí agus cuspóirí UÉ a bhaint amach.
Tá sé riachtanach freisin oibriú go dlúth leis na foirne cláir chun gnéithe slándála na dtionscadal a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a sheachadadh, ar nós UÉT (tionscadal Bunathraithe Uisce Éireann), Saotharlanna, Oifigí, Stórais agus Iostaí srl. mar chuid de bhunathrú ar thionscal na seirbhísí uisce in Éirinn sna blianta atá le teacht. Beidh an Bainisteoir Tionscadal cuntasach agus freagrach as punann na dtionscadal slándála a chur i gcrích i gcomhréir go docht le beartais agus ceanglais rialachais UÉ.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Freagracht as seachadadh tionscadal a bhainistiú lena n-áirítear buiséad, scóip, cáilíocht, sábháilteacht agus faomhadh reachtúil trí gach céim agus geata ón gcoincheap go dtí an t-aistriú.
Páipéir a ullmhú agus láithreoireachtaí a dhéanamh ag coistí faofa infheistíochta agus conarthaí (EAC) de réir mar is gá chun caiteachas caipitil slándála a fhaomhadh agus conarthaí a údarú.
Caidrimh straitéiseacha a fhorbairt agus a chothabháil le Páirtithe Leasmhara/Bainisteoirí Sinsearacha Gnó agus le foireann an Údaráis Áitiúil d’fhonn a chinntiú go gcuirtear tionscadail chaipitiúla i gcrích go rathúil.
Cruthaigh, athbhreithnigh, agus bainistigh sceidil tionscadal chun conair chriticiúil, dul chun cinn, agaí tionscanta agus seichimh tionscadal a shainaithint.
Bainistíocht tionscadail a dhéanamh maidir le dearadh, pleanáil/próisis reachtúla, soláthar, tógáil agus gníomhaíochtaí coimisiúnaithe chun a chinntiú go gcomhlíonann tionscadail a ndátaí críochnaithe.
Buiséid caipitil slándála a fhorbairt agus páipéir aighneachta le haghaidh aighneachtaí Rialaithe Praghsanna chuig an CRF.
Athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn tionscadal, ar bhuiséid, ar athruithe, ar rioscaí agus ar shaincheisteanna, agus a chinntiú go dtáirgtear agus go scaiptear tuarascálacha de réir amlíne chomhaontaithe.
Acmhainní tríú páirtí a bhainistiú agus a threorú d’fhonn punann na dtionscadal caipitil slándála a chur i gcrích lena n-áirítear Comhairleoir Innealtóireachta (Bainisteoirí Tionscadal, Innealtóirí, agus Suirbhéirí Cainníochta), Príomhchonraitheoirí agus saindíoltóirí.
Soláthar creataí oibreacha caipitil slándála a bhainistiú. Doiciméad Tairisceana a chríochnú (mion-tairiscintí ó Chreataí nó nuair is infheidhme, próiseas tairisceana IOAE iomlán), fiosrúcháin uile srl. a bhainistiú agus measúnachtaí tairiscintí a chur i gcrích.
Gnéithe tráchtála uile na gconarthaí a bhainistiú agus a údarú lena n-áirítear Orduithe Ceannaigh a eisiúint, sonraisc a cheadú, íocaíochtaí eatramhacha a phróiseáil/a cheadú agus an cuntas deiridh a chomhaontú agus a dhúnadh.
Tionscadail thógála a chur i gcrích ar aon dul le riachtanais Sláinte, Sábháilteachta, Cáilíochta agus Timpeallachta UÉ agus a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais reachtúla agus reachtaíochta.
Réimsí tearcfheidhmíochta a shainaithint agus tabhairt faoi Anailís ar Fhabhtanna; réitigh a mholadh go réamhghníomhach agus iad a chur i bhfeidhm; beartais agus nósanna imeachta a mhionathrú de réir mar is gá.
Teastaíonn solúbthacht ón ról chun uaireanta oibre a mhéadú, obair a dhéanamh ar fud na réigiún (Deisceart, Oirdheisceart, Iarthar agus Lár na Tíre) de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais tionscadal.
Páirt a ghlacadh sa róta ar ghlao-dhualgas más gá.
Dualgais eile a d’fhéadfaí a shannadh ó am go chéile.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Taithí 5 bliana ar a laghad ar thionscadail iolracha a chur i gcrích óna gcoincheapadh go dtí a gcríochnú.
Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín gaolmhar nó taithí oibre comhionann.
Tá sé inmhianaithe gur cleachtóir an duine i gceann amháin de na modheolaíochta PM (bainistíochta tionscadail) aitheanta, is iad sin Prince2 nó PMP.
Tá taithí ar oibreacha sibhialta / suiteálacha córais slándála a chur i gcrích inmhianaithe.
Taithí chruthaithe ar thionscadail a chur i gcrích agus ar uasghráduithe córais ar fud suíomhanna iolracha.
Cumas cruthaithe caidrimh mhaithe oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile.
An cumas am agus ualach oibre a bhainistiú go héifeachtach lena n-áirítear pleanáil, eagrú agus tús áite a thabhairt le mionchruinneas.
Taithí ar dheiseanna feabhsaithe a shainaithint, ar smaointe a ghiniúint agus ar réitigh a chur i bhfeidhm.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le saincheisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile.
Scileanna sármhaithe anailísithe agus an cumas fadhbanna agus feabhsuithe féideartha a shainaithint agus a anailísiú, agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
An cumas a c(h)aighdeáin feidhmíochta arda féin a leagan síos agus torthaí inmhianaithe a bhaint amach.
Solúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gá.
Réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scil nua-fhoghlamtha ar an láthair oibre á n-úsáid.
Teastaíonn solúbthacht ón ról chun oibriú agus taisteal ar fud na tíre de réir mar is gá chun freastal ar riachtanais an róil náisiúnta seo.
Ceadúnas Tiomána Éireannach glan iomlán.
*Cuirtear in iúl duit go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna sinn agus trínár bpróiseas earcaíochta cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.