DescriptionBainisteoir Tionscadail Caipitil
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis..
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Táimid dár dtreorú ag comhfhís agus comhchuspóir, atá bunaithe ar luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a fhreastalaímid ar chustaiméirí agus pobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a choinnímid a chéile slán. Sainmhíníonn ár n-iompar an chaoi a ndéanaimd caidrimh agus cumarsáid agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, a thugann raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Le lucht saothair láidir luachbhunaithe, cinntímid gur féidir le hUisce Éireann leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí uisce na hÉireann chun cinn agus ag freastal ar riachtanais an phobail ar a bhfreastalaímid do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá fo-réimse na Saoráidí i Seirbhísí Gnó freagrach as Ceanncheathrú agus oifigí Réigiúnacha Uisce Éireann a fháil agus a choinneáil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar nós: slándáil, bainistíocht réadmhaoine, tionscadail chaipitil, bainistíocht foirgnimh agus bainistíocht flít. Cuirfidh saoráidí na seirbhísí seo ar fáil ar fud Uisce Éireann agus na n-Údarás Áitiúil, ag cinntiú go gcuirtear seirbhís saoráidí atá comhsheasmhach agus éifeachtach ar fáil.
Tá an fhoireann Infheistíochta Caipitil freagrach as mórthionscadail agus tionscadail bheaga foirgníochta chaipitiúla a fhorbairt agus a mhaoirsiú ar fud Uisce Éireann.
Ag tuairisciú don Bhainisteoir Saoráidí, Maoine agus Tionscadal Náisiúnta, oibreoidh an Bainisteoir Tionscadail Caipitil agus déanfaidh sé/sí maoirseacht ar sheachadadh Tionscadal Caipitil ar fud Réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir d’Uisce Éireann. Is é cuspóir an róil seo ná Seirbhís Bainistíochta Tionscadal atá thar a bheith éifeachtach a chur ar fáil d’Uisce Éireann óna coincheapadh go dtí a críochnú. Éileoidh sé sin go gcuirfear seirbhís éifeachtúil ar fáil agus a chinntiú go ndéanfar caidrimh thábhachtacha a uasmhéadú go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus obair á déanamh ag an am céanna chun spreagthóirí agus cuspóirí Uisce Éireann a bhaint amach.
Tá sé riachtanach freisin oibriú go dlúth leis na foirne cláir chun tionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a sheachadadh, ar nós UÉT (tionscadal Bunathraithe Uisce Éireann), Saotharlanna, Oifigí, NOMC (Ionad Náisiúnta Bainistíochta Oibríochtaí), Stórais agus Iostaí Náisiúnta srl. mar chuid de bhunathrú ar thionscal na seirbhísí uisce in Éirinn sna blianta atá le teacht. Beidh an Bainisteoir Tionscadail cuntasach agus freagrach as punann na dtionscadal slándála a chur i gcrích i gcomhréir go docht le beartais agus ceanglais rialachais Uisce Éireann. Soláthróidh an ról foinse de dhoiciméadúchán, treoir agus méadracht atá aitheanta ag an tionscal chun na tionscadail chaipitil a sheachadadh ar chaighdeán an-éifeachtach.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Freagracht as seachadadh tionscadal a bhainistiú lena n-áirítear buiséad, scóip, clár, cáilíocht, sábháilteacht agus faomhadh reachtúil trí gach céim agus geata ón gcoincheap go dtí an t-aistriú (céimeanna 1 go 5).
Páipéir a ullmhú agus láithreoireachtaí a dhéanamh ag coistí faofa infheistíochta agus conarthaí (EAC) de réir mar is gá chun caiteachas caipitil a fhaomhadh agus conarthaí a údarú.
Caidrimh straitéiseacha a fhorbairt agus a chothabháil le Páirtithe Leasmhara/Bainisteoirí Sinsearacha Gnó d’fhonn a chinntiú go gcuirtear tionscadail chaipitiúla i gcrích go rathúil.
Oibriú go dlúth leis an rannóg um Athrú Gnó chun tionscadail ilréimsiúla a sheachadadh
Cumarsáid agus láithreoireachtaí ag príomhchéimeanna an tionscadail (cruinnithe grúpa stiúrtha) do cheannairí/bainisteoirí sinsearacha gnó agus gníomhaireachtaí seachtracha chun stádas, dul chun cinn, saincheisteanna an tionscadail a chur in iúl agus treoir/faomhadh a lorg ag gach céim/geata den tionscadal.
Cruthaigh, athbhreithnigh, agus bainistigh sceidil tionscadal chun conair chriticiúil, dul chun cinn, agaí tionscanta agus seichimh tionscadal a shainaithint.
Bainistíocht tionscadail a dhéanamh maidir le dearadh, pleanáil/próisis reachtúla, soláthar, tógáil agus gníomhaíochtaí coimisiúnaithe chun a chinntiú go gcomhlíontar dátaí críochnaithe na dtionscadal ildisciplíneach (is é sin, tionscadail shibhialta/struchtúir, mheicniúla, leictreacha srl.)
Páipéir infheistíochta sócmhainní a ullmhú agus láithreoireachtaí a dhéanamh ag coistí faofa infheistíochta agus conarthaí de réir mar is gá le haghaidh caiteachas caipitiúil a fhaomhadh agus conarthaí a údarú.
Buiséid chaipitil agus páipéir aighneachta a fhorbairt le haghaidh aighneachtaí Rialaithe Praghsanna chuig an CRF.
Tacú leis an bhfoireann Bainistíochta Maoine chun na comhaontuithe léasa a thabhairt chun críche, m.sh. Suirbhéanna ar Riocht, fíorú comhlíonta reachtúil agus idirbheartaíocht tráchtála maidir le riocht na maoine.
Athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn tionscadal, ar bhuiséid, ar athruithe, ar rioscaí agus ar fhadhbanna, ag cinntiú go dtáirgtear agus go scaiptear tuarascálacha de réir amlíne chomhaontaithe.
Acmhainní tríú páirtí a bhainistiú agus a threorú d’fhonn punann na dtionscadal caipitiúil a chur i gcrích lena n-áirítear Sainchomhairleoir Innealtóireachta (Bainisteoirí Tionscadal, Ailtirí, Innealtóirí, agus Suirbhéirí Cainníochta), Príomhchonraitheoirí agus saindíoltóirí.
Bainistíocht a dhéanamh ar sholáthar oibreacha caipitiúla, sainchomhairleoireachta innealtóireachta, troscáin, slándála agus sainchóras TFC. Doiciméad Tairisceana a chríochnú (mion-tairiscintí ó Chreataí nó nuair is infheidhme, próiseas tairisceana IOAE iomlán), fiosrúcháin uile srl. a bhainistiú agus measúnachtaí tairiscintí a chur i gcrích.
Gnéithe tráchtála uile na gconarthaí a bhainistiú agus a údarú lena n-áirítear Orduithe Ceannaigh a eisiúint, sonraisc a cheadú, íocaíochtaí eatramhacha a phróiseáil/a cheadú agus an cuntas deiridh a chomhaontú agus a dhúnadh.
Tionscadail thógála a chur i gcrích ar aon dul le riachtanais Sláinte, Sábháilteachta, Cáilíochta agus Timpeallachta Uisce Éireann agus a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais reachtúla agus reachtaíochta.
Réimsí tearcfheidhmíochta a shainaithint agus tabhairt faoi Anailís ar Fhabhtanna; réitigh a mholadh go réamhghníomhach agus iad a chur i bhfeidhm; beartais agus nósanna imeachta a mhionathrú de réir mar is gá.
Teastaíonn solúbthacht ón ról chun uaireanta oibre a mhéadú, obair a dhéanamh ar fud réigiún an Deiscirt de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais tionscadal.
Páirt a ghlacadh sa róta ar ghlao-dhualgas más gá.
Dualgais eile a d’fhéadfaí a shannadh ó am go chéile.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Taithí 5 bliana ar a laghad ar thionscadail ildisciplíneacha a chur i gcrích óna gcoincheapadh go dtí a gcríochnú.
Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal san Innealtóireacht nó a coibhéis.
Tá sé inmhianaithe gur cleachtóir an duine i gceann amháin de na modheolaíochta PM (bainistíochta tionscadail) aitheanta, is iad sin Prince2 nó PMP.
Eolas láidir ar mhodheolaíochtaí dea-chleachtais maidir le dearadh agus tógáil in éineacht le heolas ar phróisis reachtúla ábhartha amhail Pleanáil, Sábháilteacht Dóiteáin agus BCAR.
Cumas cruthaithe caidrimh mhaithe oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile.
An cumas am agus ualach oibre a bhainistiú go héifeachtach lena n-áirítear pleanáil, eagrú agus tús áite a thabhairt le mionchruinneas.
Taithí ar dheiseanna feabhsaithe a shainaithint, ar smaointe a ghiniúint agus ar réitigh a chur i bhfeidhm.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le saincheisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile.
Scileanna sármhaithe anailísithe agus an cumas fadhbanna agus feabhsuithe féideartha a shainaithint agus a anailísiú agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
An cumas a c(h)aighdeáin feidhmíochta arda féin a leagan síos agus torthaí inmhianaithe a bhaint amach.
Ceadúnas Tiomána glan iomlán
Capital Project Manager
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Facilities sub-area in Business Services is responsible for obtaining and maintaining Uisce Éireann’s Head Quarters and Regional offices, including activities such as: security, property management, capital projects, building management and fleet management. Facilities will provide these services across Uisce Éireann and the Local Authorities, ensuring a consistent and effective facilities service is provided.
The Capital Investment team are responsible for the development and oversight of major and minor building capital projects across Uisce Éireann.
Reporting to the Facilities National Property and Projects Manager, the Capital Project Manager will work and oversee the delivery of Capital Projects across the South and East Regions for Uisce Éireann. The purpose of this role is to deliver a highly effective Project Management Service to Uisce Éireann from conception through to completion. This will require providing an efficient service and ensuring that key relationships both internally and externally are maximised, while working to achieve Uisce Éireann’s drivers and objectives.
It is also a requirement to work closely with the programme teams to deliver strategically important projects such as UÉT (Uisce Éireann Transformation project), Laboratories, Offices, NOMC (National Operations Management Centre), National Stores and Depots etc. as part of the transformation of the water services industry in Ireland over the coming years. The Project Manager will be accountable and responsible for the delivery of the project portfolio in strict compliance with the Uisce Éireann polices and governance requirements. The role will provide a source of industry recognised documentation, guidance and metrics for the delivery of the capital projects to a highly efficient standard.
Main Duties and Responsibilities:
Responsibility for the Management of project delivery including budget, scope, programme, quality, safety and statutory approvals through all phases and gates from concept through to handover (stages 1 to 5).
Preparation of papers and presentation at investment and contract approval committees (EAC) as required for approval of capital spend and contract authorisation.
Develop and maintain strategic relationships with Senior Business Stakeholder/Managers to ensure successful capital projects delivery.
Working closely with the Business Change department for delivery of cross functional projects
Communication and presentation at key project stages (steering group meetings) to senior business leaders/managers and external agencies to communication the project status, progress, issues and seek direction/approval at each project phase/gate.
Create, review and manage project schedules to identify critical path, progress, lead times and project sequences.
Project manage design, planning/statutory processes, procurement, construction and commissioning activities to ensure that multi-disciplinary projects (i.e. civil/structural, mechanical, electrical etc.) meet their delivery dates.
Preparation of asset investment papers and presentation at investment and contract approval committees as required for approval of capital spend and contract authorisation.
Develop capital budgets and submission papers for Price Control submissions to the CRU.
Support the Property Management team in completing the lease agreements, e.g. Condition Surveys, Statutory compliance verification and commercial negotiations with regard to the property condition.
Carry out regular reviews of project progress, budgets, changes, risks and issues, and ensure that reports are produced and circulated on an agreed timeline
Manage and direct third-party resources to deliver the capital projects portfolio including Engineering Consultant (Project Managers, Architects, Engineers, and Quantity Surveyors), Main Contractors and specialist vendors.
Manage the procurement of capital works, engineering consultancy, furniture, security and specialist ICT systems. Completion of Tender Document (mini tenders from Frameworks or where applicable full OJEU tender process), management of all queries etc and completion of tender assessments.
Manage and authorise all commercial aspects of contracts including, issuing POs, approving invoices, processing/approving interim payments and agreement and close out of the final account.
Delivery of construction projects in line with Uisce Éireann’s Health, Safety, Quality and Environmental requirements and ensure compliance with statutory and legislative requirements.
Identify areas of unsatisfactory performance and undertake Fault Analysis; proactively recommend and implement solutions; modify policies and procedures as required.
The role requires flexibility to extend working hours, work across the Southern region as required addressing project needs.
Participate in the on-call rota if required.
Other duties as maybe assigned from time to time.
Knowledge, Skills and Experience:
Minimum of 5 years’ experience delivering multi-disciplinary projects from conception through to completion.
Relevant third level Engineering qualification or equivalent.
Desirable to be a certified practitioner in one of the recognised PM methodologies either Prince2 or PMP.
Strong knowledge of best practice design and construction methodologies along with a knowledge of relevant statutory processes such as Planning, Fire Safety and BCAR.
Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others.
Ability to manage time and workload effectively which includes planning, organising and prioritising with attention to detail.
Experience with identifying improvement opportunities, generating ideas and implementing solutions.
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion, along with the ability to communicate complex information to others.
Have excellent analytical skills and be able to identify and analyse problems and potential improvements and propose and implement solutions.
Ability to set own high standards of performance and delivering desired results.
Full clean Driver’s License.