Anailísí Sinsearach - Cóid Mhargaidh - FASS / Senior Analyst - Market Codes - FASS (E2025028-29)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
Be part of the transformation!
An Deis/The Opportunity
Tá Anailísí Sinsearach á lorg againn dár bhfoireann Forbartha agus Comhlíonta Oibríochtaí.
Oibreoidh an tAnailísí Sinsearach le foireann Chlár FASS chun tuiscint chuimsitheach a fhorbairt ar na sainathruithe a dhéantar faoi Chlár FASS agus cur le dréachtú leagain den Chód Seirbhísí Córais agus Nósanna Imeachta Aontaithe i mBéarla simplí le teacht le socruithe nua iomaíocha. Ós rud é go mbeidh gá le hathruithe ar Chóid Mhargaidh agus Eangaí eile, cuirfidh tú freisin le forbairt agus dréachtú na dtograí modhnaithe sin agus tacóidh tú leo lena gcur chun feidhme.
Nuair a bheidh an socrú nua beo, beidh tú freagrach as an athrú ar an gCód Seirbhísí Córais a bhainistiú chun píblíne an athraithe a eascraíonn as cinntí Rialála agus Reachtacha chomh maith le tionscal, cláir straitéiseacha agus modhnuithe riachtanacha eile a sheachadadh.
Beidh tú i gceannas ar idirghníomhaíocht fhorleathan leis na hÚdaráis Rialála (RAnna), le Rannpháirtithe sa Mhargadh agus leis an tionscal i gcoitinne ar leibhéil shinsearacha maidir le feidhmiú na Seirbhísí Córais agus margaí eile agus ar chomhtháthú na n-athruithe a eascraíonn as na gealltanais sin sa chód agus sna nósanna imeachta comhaontaithe. Mar chuid de do ról, féachfaimid ort comhoibriú go dlúth le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun athruithe amach anseo a mhúnlú.
Tá scileanna láidre anailíse agus cumarsáide agus an cumas coincheapa teicniúla agus anailís a chur in iúl do lucht féachana neamhtheicniúil sinsearach agus do cheannairí gnó ríthábhachtach.
We are now seeking a Senior Analyst to join Operations Development & Compliance team.
As Senior Analyst you will work with the FASS Programme team to develop a comprehensive understanding of the detailed changes being made under the FASS Programme and contribute to the drafting of the plain English version of the System Services Code and Agreed Procedures to reflect the new competitive arrangements. As changes to other market and Grid Codes will be necessary, you will also contribute to the development and drafting of these modification proposals and supporting them through to implementation.
Once the new arrangement go live, you will be responsible for management of the change to the System Services Code to deliver on the pipeline of change arising from Regulatory and Legislative decisions as well as industry, strategic programmes and other necessary modifications.
You will lead extensive interaction with the Regulatory Authorities (RAs), Market Participants and the wider industry at senior levels on the workings of the System Services and other markets and integration of changes arising from these engagements into the code and agreed procedures. As part of your role, we will look to you to collaborate closely with internal and external stakeholders to shape future changes.
Strong analysis and communication skills and an ability to articulate technical concepts and analysis to senior non-technical audiences and business leaders is essential.
An Fhoireann/The Team
Tá ról lárnach ag an Oifig um Oibríochtaí agus Bainistíocht Sócmhainní i seachadadh ár bpríomhróil – oibriú, forbairt agus feabhsú an chórais cumhachta uile-oileáin agus an mhargaidh mórdhíola leictreachais. Tá an Oifig freagrach freisin as cur chun feidhme inbhuanaithe an chórais tarchurtha agus as forbairt an mhargaidh chun freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an leictreachais amach anseo.
Tá an fheidhm Oibríochtaí, Forbartha agus Comhlíontachta laistigh den Oifig Oibríochtaí agus Bainistíochta Sócmhainní freagrach as bainistiú agus éabhlóid na bpríomhchód oibríochtúil, lena n-áirítear an Cód Eangaí agus na Cóid Mhargaidh, chun cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach agus sláine na gCód agus na hathléimneachta oibríochtúla a choinneáil ag an am céanna. Oibríonn an fheidhm go dlúth freisin lenár gcomhghleacaithe sa Phríomhoifig um Chlaochlú agus Teicneolaíocht chun tacú le hathrú suntasach a sheachadadh atá riachtanach chun spriocanna an rialtais maidir le dícharbónú a chumasú. Áirítear leis sin an Clár Socruithe don Todhchaí le haghaidh Seirbhísí Córais (FASS), faoina ndéanfaidh OCTanna sraith nua socruithe iomaíocha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun teacht in ionad an tsásra soláthair um Sheirbhísí Córais atá ann cheana. Dréachtófar na rialacha le haghaidh na socruithe sin sa Chód um Sheirbhísí Córais le linn na gcéimeanna eile den tionscadal.
Fút Féin/About you
Beidh na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas ag iarrthóirí rathúla:
* Céim san innealtóireacht, san eacnamaíocht, sa bheartas fuinnimh nó a leithéid, le taithí ábhartha iarcháilíochta 4+ bliana ar a laghad, sna margaí fuinnimh agus sa réimse beartais más féidir.
* An cumas rialacha, cóid agus caighdeáin a dhéanamh de choincheapa beartais agus de choincheapa casta.
* Taithí i dtimpeallacht ildisciplíneach ag a bhfuil sárchumas anailíseach cáilíochtúil agus cainníochtúil, mar aon leis an gcumas breithiúnais réasúnaithe a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
* Tá scileanna láidre cumarsáide agus an cumas coincheapa teicniúla agus anailís a chur in iúl do lucht féachana neamhtheicniúil sinsearach agus do cheannairí gnó ríthábhachtach.
* Sáreolas ar shocruithe an mhargaidh fuinnimh in Éirinn, agus i dtíortha eile san Eoraip.
* Taithí ar chód agus ar rialacha an mhargaidh fuinnimh a dhréachtú.
* Eolas agus taithí mhionsonraithe ar ról EirGrid mar oibreoir córais tarchurtha agus oibreoir margaidh, chomh maith le margaí fuinnimh níos leithne, rialacha margaidh agus creataí rialála.
* Taithí ar obair i ngnó rialáilte
Dáta deiridh d’iarratais/Closing date for applications:
29 Samhain 2024 / 29th November 2024
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr