Leas-Bhainisteoir Comhéadain - Seachadadh Tionscadal Ceilteach / Deputy Interface Manager - Celtic (E2025061)
Is muidne na daoine taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Oibrímid an córas cumhachta le leibhéil de ghiniúint in-athnuaite athraitheach aisioncronach atá ar thús cadhnaíochta sa domhan, ag cinntiú go bhfuil cumhacht ag gach duine nuair a bhíonn sí de dhíth orthu. Ní hamháin sin, ach tá an córas cumhachta á chlaochlú againn do na glúnta atá le teacht.
Agus níl ansin ach tús ár scéil. Tá cuspóir ríthábhachtach againn. Is é an cuspóir céanna ná an córas cumhachta a chlaochlú chun a chur ar chumas ár sochaí ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár n-uaillmhianta maidir le hathrú aeráide agus neodracht carbóin a chomhlíonadh.
Bí mar chuid den chlaochlú!
An Deis
Tá Leas-Bhainisteoir Comhéadain á lorg againn anois le bheith páirteach inár bhFeidhm Seachadta Cheiltigh.
Mar Leas-Bhainisteoir Comhéadain, beidh ról lárnach agat ag tacú le Bainisteoir Innealtóireachta agus Comhéadain EirGrid i gcomhordú agus i mbainistiú raon gníomhaíochtaí lena n-áirítear an próiseas, córais agus nósanna imeachta bainistíochta comhéadain chun a chinntiú go seachadtar an tionscadal in am agus laistigh de bhuiséad.
Beidh tú ag feidhmiú mar an pointe teagmhála aonair do chomhordú comhéadan inmheánach an tionscadail maidir le pleananna, próisis agus tuairisciú gaolmhar bainistíochta comhéadain mar aon le hidirbheartaíocht agus comhordú a dhéanamh le Bainisteoirí Pacáiste Oibreacha (WPM) agus le Ceannairí Teicniúla ar shaincheisteanna casta deartha agus comhéadain fhisiciúil thar chéimeanna éagsúla tionscadail agus na n-áiseanna atá ann cheana féin.
Comhordóidh tú le sceidealóirí tionscadail chun a chinntiú go bhfuil Garspriocanna Comhéadain ionchorpraithe i gceart i sceidil na gConraitheoirí Innealtóireachta, Soláthair agus Tógáil agus oibreoidh tú go réamhghníomhach chun mí-ailíniú idir dátaí garsprice comhéadain an chonraitheora a aithint agus a mhaolú.
Beimid ag súil go ndéanfaidh tú córais tuairiscithe comhéadain agus táscairí feidhmíochta a fhorbairt chun dul chun cinn gharsprioc an chomhéadain a rianú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.
Mar chuid de do ról, cuirfidh tú tacaíocht ar fáil do Bhainisteoir Innealtóireachta agus Comhéadain EirGrid maidir le comhordú agus bainistiú na gcomhairleoirí seachtracha, feidhmeanna tacaíochta inmheánacha, táirgí inghnóthaithe agus spleáchais.
An Fhoireann
Tá an Phríomh-Oifig Bhonneagair (POB) laistigh de EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardoilte a bhfuil cúlra acu san innealtóireacht agus sa ghnó/tráchtáil. Tá an Oifig Bhonneagair freagrach as treorú a dhéanamh ar fhorbairt agus seachadadh an chórais cumhachta, mar aon leis na cláir infheistíochta idirnaisc, i gcomhar le comhpháirtithe, custaiméirí agus pobail.
Tá an Fheidhm Seachadta Cheiltigh freagrach as pleanáil agus seachadadh an Tionscadail Idirnascaire Cheiltigh, a chumasóidh malartú 700 MW leictreachais idir Éire agus an Fhrainc. Agus an leictreachas seo á aistriú thar achar 575km, agus 500km den chábla ag rith faoin bhfarraige, beidh an cumas ag an idirnascaire seo leictreachas a sholáthar do 450,000 teach.
Fútsa
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
* Céim ábhartha nó cáilíocht choibhéiseach le 6+ bliana de thaithí ábhartha ag obair i dtimpeallacht rialaithe, san earnáil fuinnimh go hidéalach.
* Taithí de bheith ag obair le conarthaí tráchtála agus tuiscint láidir ar ghnéithe teicniúla, tráchtála agus dlíthiúla na gconarthaí.
* Taithí de bheith ag déileáil le custaiméirí/tríú páirtithe ar bhonn conartha.
* Cuntas teiste láidir maidir le bainistíocht agus seachadadh tionscadal.
* Tuiscint leathan ar ghnéithe casta teicniúla agus tráchtála an tionscail chumhachta, ar chustaiméirí agus ar phríomhpháirtithe leasmhara an tionscail.
* Cumarsáide láidir, in ann coincheapa teicniúla agus / nó tráchtála a thuiscint agus a chur in iúl do lucht féachana neamhtheicniúil agus do cheannairí gnó.
* Cumas láidir daoine eile a threorú, a áitiú agus tionchar a imirt orthu chun bogadh i dtreo fís/sprioc choiteann agus oibriú i gcomhar le daoine eile agus tríothu trí scileanna forbartha cumarsáide agus taidhleoireachta.
* Cuntas teiste cruthaithe maidir le spriocdhátaí a choinneáil i dtimpeallacht dhinimiciúil.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas
10/01/2025
Is Fostóir Comhdheiseanna é EirGrid
We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
Be part of the transformation!
The Opportunity
We now seeking a Deputy Interface Manager to join our Celtic Project Delivery Function.
As Deputy Interface Manager, you will play a key role in supporting the EirGrid Engineering & Interface Manager in the co-ordination and management of a range of activities including the interface management process, systems and procedures to ensure the project is delivered on time and within budget.
You will act as the single point of contact for the internal project interface coordination with regard to interface management plans, processes and associated reporting as well as negotiate and coordinate with Works Package Managers (WPM) and Technical Leads on complicated design and physical interface issues across different project phases and the existing facilities.
You will coordinate with project schedulers to ensure Interface Milestones are correctly incorporated in EPC Contractor schedules and work proactively to identify and mitigate misalignments between contractor interface milestone dates.
We will look to you to develop interface reporting systems and performance indicators to track and monitor interface milestone progress.
As part of your role, you will provide support to the EirGrid Engineering & Interface Manager in the co-ordination and management of the external consultants, internal support functions, deliverables and dependencies.
The Team
The Chief Infrastructure Office (CIO) within EirGrid comprises highly skilled professionals with backgrounds in engineering and business/commerce. The Infrastructure Office is responsible for leading the development and delivery of the power system and interconnection investment programmes, in collaboration with partners, customers & communities.
The Celtic Project Delivery Function is responsible for the planning and delivery of the Celtic Interconnector Project, which will enable the exchange of 700 MW of electricity between Ireland and France. Moving this electricity across a distance of 575km, with 500km of the cable running under the sea, this interconnector will have the capacity to supply electricity to 450,000 homes.
About you
Successful candidates will have:
* Relevant degree or equivalent qualification with 6+ years relevant experience working in a regulated environment, ideally the energy sector.
* Experience working with commercial contracts and a strong understanding of the technical, commercial and legal aspects of the contracts.
* Experience in dealing with customers/ third parties on a contractual basis.
* A strong track record of project management and delivery.
* Broad understanding of the complex technical and commercial aspects of the power industry, customers and key industry stakeholders.
* Strong communicator, able to understand and articulate technical and / or commercial concepts to non-technical audiences and business leaders.
* Strong ability to lead, persuade and influence others to move towards a common vision or goal and to work collaboratively with and through others through developed skills of communication and diplomacy.
* Proven track history of maintaining deadlines in a dynamic environment.
Closing date for applications
10th January 2025
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr