DescriptionWe are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
So, we’re passionate about helping our people to do the best work of their lives, to enable them to make a positive difference to communities all over Ireland. Our aim is to attract and develop talented and skilled people with diverse backgrounds and an evolving range of expertise and insight. We believe that such a strong workforce will help us achieve our goals and allow us to continue investing in, and advancing, Ireland’s water services.
The Role:
Uisce Éireann IT (UÉ IT) provides IT services and support to the wider Uisce Éireann business, and across the Local Authority user base. IT Operations is responsible for all operational run activities across Applications, Operational Technology, Service Management and Infrastructure.
The IT-OT (Operational Technology) team houses the Operational Technology skills necessary to ensure the implementation and availability of all IT-OT applications and infrastructure, including hardware, networks, data centre and disaster recovery. The IT-OT team plan and manage technical OT projects to renew and update the underlying OT infrastructure and safeguard UÉ OT systems by implementing robust security standards such as the Network and Information Systems Directive. The team play a critical role in the operation, integration and connectivity of systems such as the the National Telemetry System, Leakage Management System, Operational Data Store and Enterprise Data Historian. The team manages and maintains these systems as befitting UÉ designation as an Operator of Essential Services.
Reporting to the IT-OT Infrastructure Lead, the IT-OT Infrastructure Analyst will be responsible for managing the day to day operational IT Infrastructure and services supporting UÉ, as well as collaborating on the transition of new or enhanced services from projects into operations.
Main Duties and Responsibilities:
Support the smooth and efficient operation of OT WAN/LAN, Infrastructure, and related services as appropriate.
Participate in the OT infrastructure workload across BAU operations but also in support of project delivery and transition to BAU operations implementing/adhering to a set of best practice infrastructure processes, including release management, configuration management, asset management, and change management
Involvement in service continuity and back-ups, maintaining and rehearsing a set of plans to support the overall UÉ business continuity plans implementing measures to improve the availability of services where possible
Support the Infrastructure Team in managing availability of UÉ systems, including capacity management of on-prem/cloud infrastructure (servers, SAN’s, virtual servers, load balancers, etc.)
Support in assuring OT availability and stability efforts and meeting monthly and annual OT KPI availability targets
Monitor all of UÉ’s servers, networks, and computer systems for irregularities and performance issues
Assess system data and error logs, along with user reports, to determine areas for improvement or repair. Determine when systems or servers are due for upgrades
Core responsibilities include, Wintel estate, Citrix infrastructure, AD, ADFS and Cloud Operations, patching and monitoring of all IT-OT operational infrastructure
Support the Infrastructure Lead with day to day management of OT Infrastructure vendors
Complete the addition, modification or removal of any OT Infrastructure asset in a standard and controlled manner
Support in the continuous improvement of Infrastructure services to support business demand supporting the corporate IT Infrastructure, Technical and Security standards
Support the implementation and maintenance of robust security measures to protect the system and maintain availability
Support in driving compliance with cybersecurity compliance requirements and best practice in line with the Network and Information Systems Directive (e.g: NIST Controls, CIS Hardening, IEC 62443 etc)
Assist in ensuring that all required Infrastructure support documentation is prepared and maintained, reflecting the fast pace of infrastructure change
Support the IT-OT Infrastructure Lead with regards to Business continuity and Disaster Recovery testing and planning
As part of the overall IT-OT Support Model Resolver Group network, support in day to day infrastructure issues and resolution of incidents and tickets raised, acting as an escalation point, taking ownership through to resolution (working closely with the IT-OT Operational Support team)
Assist in the implementation of the Uisce Éireann Telemetry Strategy as a key contributor for Uisce Éireann IT, Asset Operations and Asset Management through the Telemetry Programme’s work streams
Support in management of IT-OT legacy systems as required
Participation in On Call Rota and flexibility for out of hours work as required Other duties as required from time to time
General Duties and Responsibilities:
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;
Other IT-OT pillar Managers and Leads
Wider IT Teams
Teams across the Business Units (e.g. Asset Operations, Asset Management)
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Experience in IT or OT infrastructure operations and management is desirable
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 3 years experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Dírímid, mar sin, ar chabhrú lenár bhfoireann an obair is fearr dá saol a dhéanamh ionas go mbeidh tionchar dearfach ag an obair sin ar phobail ar fud na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn daoine cumasacha oilte a mhealladh agus a fhorbairt, ar daoine iad as cúlraí éagsúla agus ag a bhfuil saineolas agus tuiscint a bhíonn ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Creidimid go gcuideoidh a leithéid d’fhórsa saothair láidir linn maidir lenár spriocanna a bhaint amach agus go ligfidh sé dúinn leanúint leis an infheistiú i seirbhísí uisce na hÉireann agus na seirbhísí sin a chur chun cinn.
An Ról:
Cuireann TF Uisce Éireann (TF UÉ) seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do ghnó níos leithne Uisce Éireann, agus ar fud bhonn úsáideoirí Údarás Áitiúil. Tá Oibríochtaí TF freagrach as gníomhaíochtaí uile arna reáchtáil ar bhonn oibríochtúil ar fud Feidhmchlár, Teicneolaíocht Oibríochtúil, Bainistíocht Seirbhísí agus Bonneagair.
Is ag an bhfoireann TF-TO (Teicneolaíocht Oibríochtúil) atá na scileanna Teicneolaíochta Oibríochtúla lena gcinntítear go gcuirtear gach feidhmchlár agus bonneagar TF-TO i bhfeidhm, agus go mbíonn teacht saoráideach orthu. Áirítear leis sin crua-earraí, líonraí, ionad sonraí agus athshlánú ó thubaiste. Is faoin bhfoireann TF-TO atá sé na tionscadail theicniúla TO a phleanáil agus a bhainistiú atá dírithe ar an mbonneagar TO atá mar bhonn faoi seo a athnuachan agus a nuashonrú agus, lena chois sin, córais TO de chuid UÉ a chosaint trí chaighdeáin slándála láidre a chur i bhfeidhm amhail an Treoir maidir le Córais Líonra agus Faisnéise. Tá ról ríthábhachtach ag an bhfoireann maidir le hoibriú, comhtháthú agus nascacht córas amhail an Córas Náisiúnta Teiliméadrachta, an Córas um Ligean a Bhainistiú, Stóras Sonraí Oibríochtúla agus an Staraí um Shonraí Fiontraíochta. Is í an fhoireann a bhainistíonn agus a choinníonn caoi cheart ar na córais seo mar is cuí do UÉ ina cháil mar Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha ainmnithe.
Freagrach don Cheannasaí Bonneagair TF-TO, beidh an tAnailísí Bonneagair TF-TO freagrach as bainistiú a dhéanamh ar Bhonneagar TF oibríochtúil ó lá go lá agus ar sheirbhísí a thacaíonn le hUisce Éireann, agus comhoibriú ar sheirbhísí nua nó feabhsaithe a aistriú ó thionscadail go hoibríochtaí freisin.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Tacú le hoibriú réidh éifeachtúil WAN/LAN TO, an Bhonneagair, agus seirbhísí gaolmhara de réir mar is cuí.
Bheith páirteach in ualach oibre an bhonneagair TO ar fud oibríochtaí gnó mar is gnách ach freisin tacú le seachadadh tionscadail agus aistriú go hoibríochtaí gnó mar is gnách, agus sraith de phróisis bhonneagair dea-chleachtais a chur i bhfeidhm/a leanúint, lena n-áirítear bainistíocht scaoilte, bainistíocht cumraíochta, bainistíocht sócmhainní agus bainistíocht athraithe
Bheith páirteach i leanúnachas seirbhíse agus cúltacaí seirbhíse, sraith de phleananna a chothabháil agus a chleachtadh chun tacú le pleananna iomlána leanúnachais gnó Uisce Éireann agus bearta a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar infhaighteacht seirbhísí nuair is féidir
Tacú leis an bhFoireann Bonneagair infhaighteacht na gcóras Uisce Éireann a bhainistiú, lena n-áirítear bainistíocht maidir le hacmhainneacht néalbhonneagair/bonneagair ar áitreabh (freastalaithe, Líonraí Limistéir Stórála, freastalaithe fíorúla, cothromóirí lóid, srl.)
Tacú le hinfhaighteacht TO agus iarrachtaí cobhsaíochta a chinntiú agus spriocanna míosúla agus bliantúla a bhaineann le hinfhaighteacht PTF TO a bhaint amach
Monatóireacht a dhéanamh ar gach freastalaí, líonra agus ríomhchóras de chuid Uisce Éireann le haghaidh mírialtachtaí agus saincheisteanna feidhmíochta
Sonraí an chórais agus logaí earráidí a mheas, chomh maith le tuarascálacha úsáideoirí, chun réimsí le feabhsú nó le deisiú a shocrú. Cinneadh a dhéanamh cathain a bheidh córais nó freastalaithe le huasghrádú
Áirítear leis na príomhfhreagrachtaí, Eastát Wintel, bonneagar Citrix, Oibríochtaí Eolaire Ghníomhaigh, Oibríochtaí Seirbhísí Cónaidhme um Eolaire Ghníomhaigh agus Néaloibríochtaí, paisteáil agus monatóireacht a dhéanamh ar an mbonneagar oibríochtúil TF-TO ar fad
Tacú leis an gCeannasaí Bonneagair díoltóirí Bonneagair TO a bhainistiú ó lá go lá
Aon sócmhainn Bonneagair TO a áireamh, a leasú nó a bhaint go rathúil ar bhealach caighdeánach agus rialaithe
Tacú le feabhsú leanúnach na seirbhísí bonneagair chun tacú le héileamh gnó a thacaíonn leis an mBonneagar TF corparáideach, caighdeáin Theicniúla agus Slándála
Tacú le bearta láidre slándála a chur i bhfeidhm agus a chothabháil d’fhonn an córas a chosaint agus le go mbeidh teacht air i gcónaí
Tacú le dlús a chur le comhlíonadh ceanglas um chomhlíontacht cibearshlándála agus dea-chleachtas de réir na Treorach um Líonra agus Córais Fhaisnéise (m.sh: Rialuithe NIST, Neartú CIS, IEC 62443 srl)
Cabhrú lena chinntiú go n-ullmhaítear agus go gcoimeádtar gach doiciméad tacaíochta bonneagair a theastaíonn, rud a léiríonn luas an athraithe bonneagair
Tacú leis an gCeannasaí Bonneagair TF-TO maidir le leanúnachas gnó agus tástáil agus pleanáil Athshlánaithe ó Thubaiste
Mar chuid den líonra Grúpa Réitigh um Shamhail Tacaíochta TF-TO iomlán, tacú le saincheisteanna bonneagair ó lá go lá agus teagmhais agus ticéid a ardaíodh a réiteach, feidhmiú mar phointe formhéadaithe, úinéireacht a ghlacadh go réitítear an fhadhb (ag obair go dlúth leis an bhFoireann Tacaíochta Oibríochtúil TF-TO)
Cabhrú le Straitéis Teiliméadrachta Uisce Éireann a chur i bhfeidhm mar bhealach lena gcuirfidh TF Uisce Éireann, Oibríochtaí Sócmhainní agus Bainistíocht Sócmhainní go mór le cúrsaí trí bhíthin sruthanna oibre an Chláir Teiliméadrachta
Tacú le córais oidhreachta TF-TO a bhainistiú de réir mar is gá
Páirt a ghlacadh in Uainchlár ar Glao-Dhualgas agus a bheith toilteanach obair lasmuigh de ghnáthuaireanta nuair is gá sin Dualgais eile de réir mar is gá ó am go ham
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
Le Bainisteoirí crainn taca agus le Ceannasaithe TF-TO eile
Le foirne TF i gcoitinne
Foirne ar fud na nAonad Gnó (m.sh. Oibríochtaí Sócmhainní, Bainistiú Sócmhainní)
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá taithí in oibríochtaí bonneagair agus bainistíochta TF nó TO inmhianaithe
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
Tá taithí 3 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscail eile san earnáil sin inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha
Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta go réamhghníomhach agus go caoithiúil chomh maith leis an gcumas eolas a chur in iúl do dhaoine eile
Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus le cumas léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d’fhoireann
Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna sinn agus trínár bpróiseas earcaíochta cuirimid fáilte roimh agus spreagaimid iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar shibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.