Is muidne na daoine atá freagrach as eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmímid an córas cumhachta a bhfuil a leibhéil giniúna in-athnuaite inathraithe aisioncronach ar na leibhéil is fearr go domhanda, ag cinntiú go bhfuil cumhacht ag gach duine nuair a bhíonn sé de dhíth orthu. Ar a bharr sin, tá an córas cumhachta á athrú ó bhonn againn anois do na glúnta atá le teacht.
Tá ról uathúil ag Grúpa EirGrid chun an bunathrú radacach seo ar ár gcóras cumhachta a stiúradh chun tacú leis an aistriú go fuinneamh in-athnuaite. Teastóidh iarracht cheannródaíoch innealtóireachta mar aon le hacmhainn TF an-slán chun freagairt go rathúil do scála an chur isteach. Is deis iontach é seo dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm bheatha sa chibearshlándáil agus ról suntasach a bheith agat i gcosaint bhonneagair náisiúnta ríthábhachtaigh.
Is gnó muid atá dian ar TF, agus feidhmímid córais speisialaithe úrscothacha atá ríthábhachtach do ghnónna, 24/7. Tá cuma níos iontaí ar ár dtodhchaí anois ná am ar bith roimhe seo. Agus is deis dochreidte atá anseo le bheith mar chuid de. Tá an domhan réidh le haghaidh athraithe. Má tá tusa réidh freisin, bí linn.
An Deis
Táimid ag lorg Ailtire Cibearshlándála le bheith mar chuid dár bhfoireann Ailtireachta agus Innealtóireachta Slándála. Beidh ról lárnach agat i dtimpeallacht dhinimiciúil i gcomhpháirtíocht le haonaid ghnó éagsúla, agus le foirne comhpháirtíochta feidhmithe chun úsáid shlán teicneolaíochta a chinntiú, ag teacht le straitéisí Slándála Faisnéise agus straitéisí fiontraíochta. Déanfaidh tú meantóireacht freisin ar innealtóirí slándála, déanfaidh tú maoirseacht ar a gcuid tionscadal, agus cuideoidh tú le cuir chuige réamhghníomhacha a fhorbairt chun tacú le tacair uirlisí slándála, feidhm a bhaint astu, agus barr feabhais a chur orthu.
Príomhfhreagrachtaí
* Coinní comhairliúcháin slándála a dhéanamh ar fud na cuideachta, ag díriú ar fheabhsuithe i samhaltú baghairt agus i measúnú riosca.
* Sonraíochtaí teicniúla, patrúin dearaidh, caighdeáin chóid, agus treoir shlándála a fhorbairt agus a chothabháil, le béim ar leith ar an néalshlándáil.
* Anailís a dhéanamh ar bhagairtí agus samhaltú baghairt a dhéanamh le cur ar chumas comhpháirtithe gnó agus teicniúla réitigh shlána a sholáthar atá comhtháite le saolré SecOps.
* Creataí um shamhaltú baghairt agus anailís ar bhagairtí amhail MITER ATT&CK agus STRIDE (nó STRIDE-LM) a chur i bhfeidhm i gcleachtais slándála.
* Rialuithe slándála (Cloud Security Matrix, NIST CSF, CIS Critical Security Controls, etc.) agus creataí ailtireachta (TOGAF, SABSA, etc.) a úsáid chun tagairtí ailtireachta teicniúla, treoirlínte slándála, agus caighdeáin a fhorbairt agus a dhoiciméadú.
* A chinntiú go bhfuil an néal-thimpeallacht slán agus go bhfuil sí ag cloí le caighdeáin agus rialacháin an tionscail.
* A oibriú go dlúth le comhpháirtithe, lena n-áirítear ceannaireacht laistigh agus lasmuigh den tSlándáil Fiontraíochta, chun deiseanna a shainaithint chun an teicneolaíocht a úsáid chun fadhbanna slándála faisnéise agus gnó a réiteach.
* A bheith cothrom le dáta ar eolas teicniúil a bhaineann le coincheapa agus teicneolaíochtaí slándála agus an t-eolas sin a leathnú, ag spreagadh eolais níos fearr ar fhearainn slándála.
* Réitigh theicniúla a shainaithint agus feidhmiú a chur chun cinn chun tacú le treo straitéiseach, ag díriú ar luachanna, tionchar, maolú riosca, rialuithe slándála, rialuithe príobháideachais, aimsiú, freagairt agus cáilíocht.
* Tosaíocht a thabhairt do mhaoluithe maidir le nuashonraithe agus breisiúcháin teicneolaíochta, agus feabhsuithe próisis laistigh de na réimsí freagrachta faoi seach.
* Meantóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar innealtóirí slándála, ag cothú a bhforás gairmiúil agus ag déanamh maoirseacht ar a dtionscadail um shamhaltú baghairt.
Fútsa
Beidh na nithe seo a leanas ag an té a cheapfar:
* Céim Baitsiléara sa chibearshlándáil, sa ríomheolaíocht, sa teicneolaíocht faisnéise, nó i réimse gaolmhar.
* 5-10 mbliana de thaithí léirithe sa néal-ailtireacht agus néal-shlándáil ar fud teicneolaíochtaí néalríomhaireachta, lena n-áirítear Infreastruchtúr mar Sheirbhís (IaaS), Ardán mar Sheirbhís (PaaS), agus Bogearraí mar Sheirbhís (SaaS). Is fearr taithí ar ardán Azure Cloud.
* Is fearr deimhnithe amhail Gairmí Néal-Shlándála Deimhnithe (CCSP), Gairmí Deimhnithe um Shlándáil Córas Faisnéise(CISSP), nó Néal-Ailtire Deimhnithe (CCA).
* Inniúlacht i seirbhísí coitianta a úsáidtear san ailtireacht néal-bhunaithe, agus saineolas ar sheirbhísí Azure agus Microsoft 365.
* Tuiscint mhaith ar feidhmchláir atá slán a fhorbairt, uirlisí maolaithe baghairt, agus teicnící.
* Taithí ar dhul i ngleic le rialacháin maidir le sonraí tomhaltóirí agus ar chaighdeáin rialála agus tionscail (ISO/IEC, GDPR) a chomhtháthú i ndearaí cibearshlándála.
* Eolas ar ghnéithe cibearshlándála de chomhtháthú agus taithí le feidhmchláir agus bonneagar TF ar leibhéal na fiontraíochta.
* Cumas léirithe chun straitéis agus fís shlándála a leagan amach agus tionchar a imirt orthu, agus treoir a chur ar fáil freisin maidir le tionscnaimh shlándála oirbheartaíochta.
* Taithí ar thagairtí ailtireachta, treoirlínte slándála agus caighdeáin a fhorbairt agus a dhoiciméadú agus ar rialuithe slándála a chur i bhfeidhm (Cloud Control Matrix (CCM), ISO, NIST CSF, CIS Critical Security Controls).
* Cumas comhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a chothú le príomhpháirtithe leasmhara go hinmheánach agus go seachtrach.
Dáta deiridh le haghaidh iarratas/Closing date for applications
25/04/2025
Is Fostóir Comhdheiseanna é EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr