Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
An Deis
Tá Príomhanailísí Sinsearach á lorg againn faoi láthair dár bhfoireann Margaí Cumhachta Amach Anseo.
Is foireann nua dhinimiciúil í an Fhoireann um Stóráil Fhadtréimhseach Fuinnimh, laistigh den Fhoireann Margaí Cumhachta Amach Anseo a bunaíodh d’fhonn clár oibre ilbhlianta a chur i gcrích. Is é príomhfheidhm na foirne ná meicníocht mhargaidh a chur ar fáil chun Stóráil Fhadtréimhseach Fuinnimh a sholáthar. Chun go mbainfí an sprioc seo amach, ní mór go mbeifí in ann obair a chomhordú ar fud roinnt sruthanna oibre, de réir garspriocanna uaillmhianacha seachadta.
Teastaíonn duine don ról seo a bhfuil saineolas aige/aici i margaí agus/nó córais mhórdhíola chumhachta, go háirithe socruithe margaidh in SEM, mar aon le cuntas teiste cruthaithe maidir le fadhbanna a anailísiú agus a réiteach, scileanna idirphearsanta den scoth agus cumas obair a chur i gcrích i dtimpeallacht dhinimiciúil dhúshlánach. Chun go n-éireodh go maith le hiarrthóir sa ról seo, ní mór go mbeadh sárchumas aige/aici sna réimsí seo a leanas; cumarsáid scríofa agus ó bhéal, oibriú in éineacht le daoine eile, fadhbanna a anailísiú agus a réiteach, obair a eagrú agus spriocanna a bhaint amach.
Tá duine nuálach, spreagtha atá dírithe ar réitigh agus a bhfuil teacht aniar ann/inti, á lorg againn le bheith mar chuid den Fhoireann um Stóráil Fhadtréimhseach Fuinnimh le príomhról a bheith aige/aici san aistriú chuig todhchaí fuinnimh ísealcharbóin agus slán.
An Fhoireann
Tá an fhoireann Margaí Cumhachta Amach Anseo in EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála. Tá sé mar sprioc ag Éirinn 80 % dár leictreachas a fháil ó acmhainní in-athnuaite faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Tá an fhoireann Margaí Cumhachta Amach Anseo lárnach lenár bpríomhról a chomhlíonadh – is é sin forbairt agus feabhsú, le súil chun cinn, ar an margadh leictreachais mórdhíola a reáchtáil. Cultúr smaointeoireachta nuálaí á chruthú agus á chinntiú go bhfuil EirGrid ábhartha ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE i gcónaí.
Fút Féin
Beidh na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas ag iarrthóirí rathúla:
* Céim ábhartha ollscoile agus taithí 6 bliana ar a laghad agus saineolas i dtionscal an chórais cumhachta agus sa mhargadh leictreachais;
* Sáreolas cruthaithe ar shocruithe margaidh SEM, Cód Trádála agus Socraíochta/Cód Eangaí;
* Sárscileanna fadhbréitigh agus anailíse;
* Cumas i mbainistíocht tionscadal;
* Sárscileanna cumarsáide chun coincheapa casta teicniúla agus margaidh a chur in iúl;
* Taithí ar thuairiscí teicniúla a scríobh agus a chur i láthair;
* Sárscileanna eagrúcháin, feasacht tráchtála agus taithí chruthaithe maidir le feabhas agus an toradh is fearr a chur ar fáil, amhail feabhsú próisis, bainistiú athruithe agus uathoibriú gnáth-thascanna;
* Taithí ar chaidrimh éifeachtacha a bhunú agus a chothú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha;
* Cumas coincheapa teicniúla a chur in iúl do lucht éisteachta nach bhfuil cur amach acu ar chúrsaí teicniúla;
* Solúbthacht agus gastacht chun réimse deacrachtaí a bhainistiú ag aon am amháin;
* Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe oibre éifeachtaí mar chuid d’fhoireann.
Caidrimh Phoist
Ag tuairisciú chuig an gCeannasaí Margaí Cumhachta Amach Anseo.
Dáta deiridh d’iarratais:
18/04/2025
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil (mar aon cháipéis amháin).
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr