DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis..
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumasú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá an fheidhm Rialacháin Comhshaoil freagrach as bainistíocht rialacháin agus comhlíonta comhshaoil laethúil. Is éard is cúram don fheidhm seo monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht chomh fada agus a bhaineann sí leis an líonra uisce is fuíolluisce agus na hoibreacha cóireála. Tá sé de chúram ar an bhfeidhm seo, leis, dul i bhfeidhm ar bheartas comhshaoil seachtrach agus caidrimh le páirtithe leasmhara seachtracha a bhainistiú. Cuireann Rialú Comhshaoil saineolas ar fáil do ghnó Uisce Éireann i dtaobh tionchar a imirt ar bheartas comhshaoil agus páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le rialacháin chomhshaoil a dhéanann difear do chleachtais Uisce Éireann. Cuireann an fheidhm saineolas rialála ar fáil don chuideachta, lena n-áirítear an Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta, maidir le gach gné de rialachán comhshaoil. Cuireann an fhoireann tacaíocht ar fáil maidir le hathruithe reachtaíochta agus rialála a rachaidh i bhfeidhm ar bheartais Uisce Éireann amach anseo.
Tá an réimse feidhme um Sheirbhísí Eolaíocha agus Teicniúla freagrach as seirbhísí tacaíochta oibriúcháin a sholáthar go náisiúnta, sampláil agus anailísíocht saotharlainne san áireamh, ar mhaithe lena chinntiú go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí i gcomhréir le hoibleagáidí rialála atá i bhfeidhm chun sláinte an phobail agus an timpeallacht a chosaint. Tá fo-réimse na Saotharlainne freagrach as seirbhísí anailísithe ceimiceán agus micribhitheolaíochta a sholáthar mar thaca leis na cláir samplála rialála, le monatóireacht ar oibríochtaí, le hinfheistíocht chaipitil agus le gearáin ó chustaiméirí. Ní mór do na foirne patrúin oibre sheachtainiúla a oibriú lena gclúdaítear sceideal ‘creatfhoirne’ ag deirí seachtaine, más gá.
Ag tuairisciú go díreach dó nó di do Bhainisteoir na Saotharlainne Náisiúnta, beidh an Bainisteoir Teicniúil – Ceimic Neamhorgánach - Fuíolluisce i gceannas ar fhoireann taobh istigh dá n-aonad saotharlainne, a sholáthróidh seirbhís ar ard-chaighdeán d’Uisce Éireann agus dá chustaiméirí, a chomhlíonfaidh ceanglais an chórais bainistíochta Cáilíochta agus caighdeán ISO17025; déanfar é sin trí fheidhmíocht na foirne a bhainistiú agus úsáid a bhaint as acmhainní éifeachtacha. Beidh freagracht theicniúil ag an mBainisteoir Teicniúil – Ceimic Neamhorgánach - Fuíolluisce freisin as na modhanna tástála agus córais ghaolmhara a bhaineann le Ceimic Neamhorgánach (Fuíolluisce) mar an réimse ar leith a bhfuil saineolas anailíseach acu air, modhanna agus córais a sholáthraíonn seirbhís anailíseach agus theicniúil chomhairliúcháin do chustaiméirí inmheánacha agus seachtracha Uisce Éireann (UÉ).
Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann na huaireanta oibre agus na dualgais seo a leanas le céim oibriúcháin na seirbhíse Saotharlainne agus Samplála. Beidh céim forbartha tosaigh ann ina mbeidh uaireanta oibre idir 9am agus 5pm Luan go hAoine i bhfeidhm agus beidh feidhm ag dualgais a bhaineann le forbairt na seirbhíse go dtí go gcuirfear tús leis an gcéim oibriúcháin.
Tá gá le solúbthacht sa ról seo ó thaobh uaireanta oibre de ós rud é go mbeidh ar an té i mbun an róil seo páirt a ghlacadh i n-uainchláir gnáthuaireanta oibre le go mbeidh a dhóthain fostaithe ag obair sa tSaotharlann i gcónaí i rith a huaireanta oibriúcháin idir 8am agus 8pm Luan go hAoine. Tá ceangaltas seirbhíse i bhfeidhm freisin maidir le cumhdach saotharlainne a sholáthar le linn an deireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Poiblí. Maidir leis an ngá obair a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine/ar laethanta saoire poiblí, ní iarrfar é seo a dhéanamh ach go hannamh agus mar chuid d’uainchlár sainithe agus mar bhreis ar an ngnáthsheachtain oibre. Maidir le hobair a chuirfear ar an uainchlár a dhéanfar lasmuigh de na huaireanta 8am go 8pm Luan go hAoine, íocfar luach saothair ina leith i bhfoirm liúntais um páirt a ghlacadh san uainchlár.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Bheith i gceannas ar aonad saotharlainne agus é a bhainistiú, maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí ardchaighdeáin do UÉ agus dá chustaiméirí le próisis a chloíonn le ceanglais an GCC, Bhord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB), caighdeáin ISO17025, le ceanglais rialála agus leis an gcóras bainistíochta.
Treoir, tacaíocht agus comhairle theicniúil a sholáthar maidir le Ceimic Neamhorgánach (Fuíolluisce) mar réimse faoi leith saineolais anailísigh.
Bheith i gceannas ar fhorbairt agus bailíochtú modhanna nua agus modhanna atá ann cheana féin le haghaidh anailís fuíolluiscí agus samplaí gaolmhara in UÉ.
Freagrach as modhanna tástála a aithint agus a fhorbairt do na maitrisí agus réimsí ar fad.
Éifeachtúlacht na foirne Saotharlainne a uasmhéadú – Ceimic (Fuíolluisce) agus scileanna gach baill den fhoireann a fhorbairt agus a fhás trí chóitseáil, oiliúint agus bhainistíocht soláthair a chur ar fáil. Freagrach as an bpróiseas bainistíochta feidhmíochta a dhéanamh le tuarascálacha díreacha.
Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do sholáthar clár oiliúna lena gcinnteofar cumas tosaigh agus leanúnach teicniúil gach baill den fhoireann eolaíoch atá ag obair laistigh dá saotharlann agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach a chur chun cinn go gníomhach.
Bheith freagrach as caidreamh oibre gairmiúil comhoibríoch a chothú agus a choinneáil ar bun le baill foirne na Saotharlainne chomh maith le tacú le beartais agus tionscnaimh AD de chuid UÉ.
Bheith freagrach as uainchláir foirne a fhorbairt agus a choinneáil ar bun dá roinn, lena n-áirítear saoire agus tinreamh na foirne go léir a bhainistiú, chun clúdach dóthanach riachtanas seirbhíse ina réimse freagrachta a chinntiú.
Comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm leanúnach pholasaithe Sláinte agus Sábháilteachta (S&S) Uisce Éireann agus comhlíonadh a chomhordú le gach riachtanas ábhartha reachtaíochta, rialála agus de chuid pholasaithe AE.
Bheith freagrach as measúnuithe riosca (sláinte agus sábháilteachta agus oibriúcháin) a dhéanamh agus tacú leo agus as bearta rialaithe agus formhéadaithe a chur chun feidhme ina réimse, de réir mar is gá.
Bheith freagrach as luach airgid a chinntiú agus as dea-chleachtas a thabhairt isteach i soláthar chláir chaipitil agus caiteachais oibriúcháin na Seirbhísí Eolaíocha agus Teicniúla agus spriocanna airgeadais agus straitéiseacha a bhaint amach agus a shárú.
Tacú le cultúr leanúnach feabhais i soláthar seirbhísí saotharlainne más cuí, chun éifeachtúlacht agus cáilíocht chostais a bhaint amach, réitigh a cheistiú agus a fhorbairt do chleachtais anailíseacha atá ann cheana féin agus cleachtas is fearr earnála a thabhairt isteach.
Tabhairt faoi róil leanúnacha Gnó ceannais saotharlainne i rith ócáidí agus imeachtaí chun sláinte an phobail, an timpeallacht agus cáil UÉ a chosaint ag cinntiú tionchair ar na custaiméirí a íoslaghdú.
Caidreamh láidre oibre a chothú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Bheith freagrach as ionchuir sa phróiseas soláthair, tairiscintí saotharlainne a scóráil tríd an bpróiseas tairiscintí
Tacú le hiniúchtaí inmheánacha de réir riachtanais ISO17025.
Tabhairt faoi anailísiú ar shamplaí Uisce agus Fuíolluisce do UÉ más gá.
Freagrach as cumarsáid inmheánacha rialta agus tráthúla a ullmhú agus a chur i gcrích.
Bheith freagrach as PTFanna a fhorbairt, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a thuairisciú do phróisis atá faoina úinéireacht.
Bheith freagrach as tuairisciú agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthúil chomh maith le torthaí tástála saotharlainne a údarú (ráitis chomhréireachta san áireamh, nuair is infheidhme) ina roinn, i gcomhréir leis an gCóras Cáilíochta, ISO17025 agus le ceanglais rialála.
Bheith freagrach as ionadaíocht a dhéanamh do Bhainisteoir na Saotharlainne Náisiúnta – nuair nach bhfuil sé nó sí i láthair, nuair is gá.
Bheith freagrach as dualgas ar bith eile a dhéanamh a bhféadfadh Bainisteoir na Saotharlainne Náisiúnta a iarraidh le réasún.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d’fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Cáilíocht tríú leibhéal (Leibhéal 8 nó níos airde) i ndisciplín Eolaíochta atá ábhartha dá réimse saineolais.
Taithí ábhartha 7 mbliana ar a laghad, is fearr i saotharlann tástála ISO17025 nó a macasamhail.
Eolas domhain ar phróiseas creidiúnaithe ISO17025 agus ar riachtanais.
Bheadh taithí ar bhailíochtú (ISO17025 nó a mhacasamhail) ina buntáiste.
Taithí ar bheith ag plé le Córas Bainistíochta Caighdeán Saotharlainne (QMS) agus le Córas Bainistíochta Faisnéise Saotharlainne (LMIS).
Duine atá ardspreagtha, a oibríonn de réir na n-ardchaighdeán proifisiúntachta ina c(h)uid oibre agus a bhfuil an cumas léirithe aige/aici chun torthaí a bhaint amach ar leibhéal sinsearach.
Eolas domhain a léiriú ar dhea-chleachtais agus nósanna imeachta anailíse reatha laistigh dá réimse freagrachta- Ceimic Neamhorgánach (Fuíolluisce).
Cumas léirithe ceannaireachta, forbairt réamhghníomhach, spreagadh agus rannpháirtíocht foirne a léiriú chun cuspóirí a dhíríonn ar an gcustaiméir lena bhfeabhsaítear soláthar seirbhíse a sholáthar.
Taithí ar fhoireann mhór a bhainistiú, le daoine láidre, bainistíocht ar athruithe agus scileanna réitigh coinbhleachta
Taithí ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le príomhpháirtithe leasmhara agus tionchar a imirt ar thimpeallacht chumarsáide oscailte mhacánta ag seasamh le hardchaighdeáin eiticiúla ag an am céanna.
Scileanna sármhaithe anailíseacha agus an cumas fadhbanna agus feabhsúcháin fhéideartha a shainaithint agus a anailísiú, chomh maith le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar an leibhéal sinsearach.
Taithí ar a bheith ag tacú le beartais, córais agus rialuithe agus beartais fhorásacha a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn.
Beidh cuntas teiste agat maidir le ceannaireacht agus taithí ar athruithe agus ar bhunathrú ó bhonn, go hidéalach i bhfóntas cosúil, i dtionscal rialaithe nó i dtimpeallacht ilpháirtí leasmhair.
An cumas obair a dhéanamh de réir spriocdhátaí agus chun dul in oiriúint do choinníollacha a athraíonn agus do dhébhríocht agus réitigh atá éifeachtach agus pragmatach á nginiúint maidir le cásanna agus fadhbanna nua, de réir mar a chuirtear i láthair iad.
Taithí léirithe ar spriocanna intomhaiste sábháilteachta agus folláine a leagan síos don fhoireann.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 01/04/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid iad, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Environmental Regulation function is responsible for the day-to-day management of environmental regulation and compliance. The function monitors the compliance of the water and wastewater network and treatment works, influences external environmental policy and manages environmental stakeholder relationships. Environmental Regulation provides expertise to the Uisce Éireann business on influencing environmental policy and managing stakeholders around environmental regulation affecting Uisce Éireann’s practices. The function provides regulatory expertise to the business, including the Senior Leadership Team, in all aspects of environmental regulation. The team provides support on legislative and regulatory changes that will affect Uisce Éireann policies in the future.
The Scientific and Technical Services functional area is responsible for the national provision of operational support services to include sampling and laboratory analytics, ensuring that activities are performed in accordance with regulatory obligations to protect public health and the environment. The Laboratory sub area is responsible for providing chemical and microbiological analytical services in support of the regulatory sampling programs, operational monitoring, capital investment and customer complaint. The teams are required to work weekly work patterns including covering ‘skeleton staff’ schedule at weekends, as required.
Reporting directly to the National Laboratory Manager, the Technical Manager – Inorganic Chemistry - Wastewater will lead a team within their laboratory unit, delivering a quality service to Uisce Éireann and its customers, complying with the requirements of the Quality management system and ISO17025 standard; this will be done by managing team performance and the use of efficient and effective resources. The Technical Manager– Inorganic Chemistry will also have technical responsibility for the test methods and related systems relative to Inorganic Chemistry (Waste Water) as their specific area of analytical expertise, which provide an analytical and technical advisory service to the internal and external customers of Uisce Éireann (UÉ).
Please note the following working hours and duties apply to the operational phase of the Laboratory and Sampling service. There will be an initial development phase in which working hours of 9am to 5pm Monday to Friday and duties relating to the development of the service will apply until the operational phase commences.
The role requires flexibility in terms of working hours as the role holder will be required to participate in standard hours working rosters to cover Laboratory operational hours of 8am to 8pm Monday to Friday. There is also a service commitment to providing laboratory cover on weekends and Public Holidays. When required to perform weekend/public holiday work this will be infrequent as part of a defined rota and in addition to the standard working week. Rostered work performed outside 8am to 8pm Monday to Friday will be remunerated as a roster participation allowance.
Main Duties and Responsibilities:
Lead and manage a laboratory unit, overseeing the delivery of a high-quality service to UÉ and its customers with processes complying with the requirements of the EPA, INAB, ISO17025 standards, regulatory requirements, and the management system.
Provide technical direction, support, and advice in relation to Inorganic Chemistry (Waste Water) as particular area of analytical expertise.
Lead the development, verification, and validation of new and existing methodologies for the analysis of wastewaters and related samples in UÉ.
Responsible for identifying and developing appropriate test methods for all matrices and ranges.
Maximise the effectiveness of the Laboratory team – Inorganic Chemistry (Waste Water) and develop and grow the skills of all team members through the provision of coaching, training, and performance management. Responsible for conducting the performance management process with direct reports.
Support the development and delivery of training programs that will ensure the initial and ongoing technical competence of all scientific staff working within their laboratory and actively promoting Continuous Professional Development.
Responsible for establishing and maintaining positive, collaborative, professional working relationships with the Laboratory team and supporting UÉ HR policies and initiatives.
Responsible for the development and maintenance of staffing rosters for their department, including the management of all staff leave and attendance, to ensure sufficient coverage of service needs in their area of responsibility.
Co-ordinate the consistent implementation of UÉ’s Health and Safety (H&S) policies and co-ordinate compliance with all relevant legislative, regulatory and UÉ policy requirements.
Responsible for undertaking and support of risk assessments (H&S and operational) and implementation of control & escalation measures in their area, as required.
Responsible for ensuring best value for money and the introduction of best practice in the delivery of the Scientific and Technical Services capital and operational expenditure programs and to meet or exceed financial and strategic targets.
Champion a culture of continuous improvement in laboratory service provision where appropriate, to deliver cost efficiency and quality, challenging and developing solutions for improvements to existing analytical practices and adopting industry best practice.
Undertake Business continuity laboratory command roles during events and incidents to safeguard public health, the environment and UÉ’s reputation ensuring customer impacts are minimised.
Build, maintain, and develop robust working relationships with key internal and external stakeholders.
Responsible for inputting into the procurement process, scoring of laboratory tenders through the tender process.
Support internal audits according to ISO17025 requirements.
Undertake analysis of Water and Wastewater samples for UÉ if required.
Responsible for preparing and delivering regular and timely internal communications.
Responsible for developing, monitoring, and reporting KPIs for processes over which they have ownership.
Responsible for the timely reporting, review, and authorisation of laboratory test results (including statements of conformity where applicable) in their department, in compliance with the Quality System, ISO17025 and regulatory requirements.
Responsible for deputising for the National Laboratory Manager in their absence, when required.
Responsible for carrying out any other duties which the National Laboratory Manager may reasonably request.
General Duties and Responsibilities
Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Third Level qualification (Level 8 or higher) in a Science discipline relevant to their area of expertise.
Minimum of 7 years’ relevant experience, preferably in an ISO17025 testing laboratory or similar.
In depth knowledge of ISO17025 accreditation process and requirements.
Validation experience (ISO17025 or similar) advantageous.
Experience of Laboratory Quality Management Systems (QMS) and Laboratory Information Management Systems (LIMS).
Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results at a senior level.
Demonstrate in-depth knowledge of current analytical best practices and procedures within their area of responsibility- Inorganic Chemistry (Waste Water).
Demonstrated leadership ability, proactive development, motivation and engagement of staff to deliver customer-focused objectives that enhance service delivery.
Experience managing a large team, with strong people, change management and conflict resolution skills.
Experience of developing and maintaining effective strategic partnerships with key stakeholders and influencing an environment of open, honest communication while upholding high ethical standards.
Excellent analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions at a senior level.
Experience of supporting policies, systems and controls and driving the implementation of progressive policies.
You will have a proven track record in leadership, change & transformation experience ideally in a similar utility, regulated industry or multi stakeholder environment.
Able to work to deadlines and adapt to changing conditions and ambiguity generating effective and pragmatic solutions to new situations and problems as they are presented.
Demonstrated experience in setting measurable safety and well-being goals for a team.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 01/04/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.