Bainisteoir Cláir Inbhuanaitheachta / Sustainability Programme Manager (E2024238)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Gnó forbartha againn chun freagairt do na hathruithe agus do na deiseanna atá ag teacht chun cinn anois níos mó ná riamh i dtionscadal an fhuinnimh. Is é an cuspóir atá againn an Córas Cumhachta a Chlaochlú do na Glúnta atá le Teacht agus tá sé mar phríomhsprioc againn a bheith inár gceannródaithe in Earnáil Leictreachais an Oileáin maidir le hInbhuanaitheacht agus Dícharbónú.
Cuir fuinneamh isteach i do ghairm agus bí linn ar ár n-aistear chun córas cumhachta na hÉireann a chlaochlú do na glúnta atá amach romhainn.
An Fhoireann/ The Team
Tá sé mar mhisean ag an bPríomh-Oifig Seirbhísí Corparáideacha a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin barr feabhais is airde i seachadadh gníomhaíochtaí agus tionscnaimh straitéise grúpa, inbhuanaitheachta, caidrimh phoiblí agus slándála fiontraíochta.
Treoraíonn an Fhoireann Straitéise & Inbhuanaitheachta an feachtas seo chun barr feabhais a bhaint amach, chun bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích an chláir um sheachadadh na straitéise agus an chláir um sheachadadh na straitéise inbhuanaitheachta, ag ailíniú an dá cheann acu agus á gcur chun cinn le chéile as seo amach.
Cuspóir an Róil / Job Purpose
Is é príomhchuspóir ról Bhainisteoir an Chláir Inbhuanaitheachta seachadadh Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa a chomhordú agus a chur chun cinn, ag tacú le baint amach Phríomhsprioc ár Straitéise Grúpa chun ‘An earnáil leictreachais uile-oileáin maidir le hinbhuanaitheacht agus dícharbónú a threorú’.
Príomhfhreagrachtaí/ Key Responsibilities
* Forbairt agus cur i bhfeidhm phlean cur chun feidhme Straitéis Inbhuanaitheachta ilbhliantúil agus phróisis tuairiscithe an Ghrúpa a bhainistiú, rud a spreagann seachadadh an Phlean ar fud an Ghrúpa agus ag ailíniú le straitéis ghnó fhoriomlán an Ghrúpa agus le tuairisciú bliantúil.
* An clár cumarsáide a bhaineann le hInbhuanaitheacht a fhorbairt agus a bhainistiú do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus idirchaidreamh a dhéanamh le foirne cumarsáide inmheánacha agus seachtracha araon.
* Beidh freagracht as tionscadail a bhaineann le hathrú straitéiseach a threorú agus an cumas baill foirne a ghríosú agus a spreagadh, agus ailíniú lenar straitéis a choinneáil ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis nó léi an ról.
* Tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le riachtanais tuairiscithe inbhuanaitheachta sheachtracha EirGrid lena n-áirítear an Treoir um Thuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí agus ár Measúnú ar an Lorg Carbóin.
* Tionscnaimh feabhsúcháin don ghnólacht a shainaithint, a mholadh agus a threorú bunaithe ar bhearnaí, ar dheiseanna agus ar thagarmharcáil.
* A chinntiú go leagtar béim chuí ar cheisteanna straitéiseacha agus gnó agus ar réitigh bheartaithe don Cheann Straitéise & Inbhuanaitheachta.
* Ionadaíocht a dhéanamh ar an nGrúpa ag fóraim agus imeachtaí seachtracha.
* Taighde agus anailís a dhéanamh ar threochtaí agus ar reachtaíocht Inbhuanaitheachta nua agus atá ag teacht chun cinn agus cuir i láthair a ullmhú maidir le breithnithe do Ghrúpa EirGrid.
* Cuir i láthair agus páipéir a ullmhú don Phríomhfheidhmeannach agus don Chathaoirleach, chun tacú leo dul i dteagmháil leis an mBord agus le páirtithe leasmhara seachtracha.
Scileanna/taithí riachtanach/ Essential skills and experience
* Taithí 5 + bliana ar thionscadail agus ar bhainistiú cláir a threorú, lena n-áirítear rioscaí, athrú, buiséid agus páirtithe leasmhara a bhainistiú agus cuntas teiste cruthaithe maidir le tionscadail ar scála suntasach a sheachadadh.
* Eolas ar phleanáil agus ar chur i bhfeidhm straitéiseach inbhuanaitheachta lena n-áirítear tuairisciú Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG).
* Scileanna láidre bainistíochta páirtithe leasmhara agus an cumas creidiúnacht agus caidreamh láidir a chothú le páirtithe leasmhara sinsearacha agus an cumas tionchar a bheith aige nó aici ar dhúshláin chuiditheacha agus dul i ngleic leo.
* Ardleibhéal íogaireachta polaitiúla, stuamacht agus an cumas a bheith ag obair ar fud gach leibhéal dár n-eagraíocht chun rath cláir a bhaint amach agus chun constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann a shárú.
* Sárscileanna cur i láthair agus cumarsáide, idir labhartha agus scríofa; an cumas eolas a ghlacadh agus é a chur i láthair na bpáirtithe leasmhara sinsearacha ar bhealach neamhchasta.
* An cumas il-tascáil a dhéanamh agus rudaí a chur in ord tosaíochta faoi bhrú spriocdhátaí, agus tú ag obair go neamhspleách; tá a fhios agat cathain agus conas formhéadú go cuí.
* Cáilithe ar leibhéal céime nó máistreachta i ndisciplín ábhartha.
* Ba bhuntáiste é eolas domhain ar ghníomhaíochtaí an Ghrúpa agus tuiscint ar an earnáil leictreachais a bheith agat, ach níl sé riachtanach.
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.
Dáta deiridh d’iarratais / Closing date for applications
22nd November 2024
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr